Salm 3:1-8

Salm Dháiví an uair a theith sé óna mhac Aibseálóm. 3  [3:2] A Thiarna, nach líonmhar iad mo naimhde!Tá mórán daoine ag éirí amach i m’éadan!  [3:3] Is iomaí duine a deir mar gheall orm:“Níl slánú ar bith dó i nDia.”  [3:4] Ach is tú, a Thiarna, mo sciath;mo ghlóir a thógann mo cheann.  [3:5] Nuair a ghlaoim ar an Tiarna os ardtugann sé freagra orm óna shliabh naofa.  [3:6] Chuaigh mé a luí agus chodail mé;agus dhúisigh mé toisc gur chosain an Tiarna mé.  [3:7] Ní eagal liom na mílte daoineatá cruinnithe do gach leith i mo thimpeall.  [3:8a] Éirigh, a Thiarna! Fóir orm, a Dhia!Óir buaileann tú mo naimhde uile sa phusagus briseann tú fiacla na bpeacach.  [3:8b] A Thiarna an tslánaithe, beannaigh do mhuintir!

Fonótaí