Salm 30:1-12
Salm. Amhrán le canadh ar Fhéile Thiomnú an Teampaill. Le Dáiví.
30 [30:2] Molfaidh mé thú, a Thiarna, de bhrí gur shaor tú méagus nár lig tú do m’eascairde bheith ag maíomh orm le mórtas.
2 [30:3] D’iarr mé cunamh ort, a Thiarna,agus rinne tú mo leigheas, a Dhia.
3 [30:4] Thug tú m’anam as an uaigh, a Thiarna,shaor tú mé ón dream a ghabhann síos sa pholl.
4 [30:5] A naomha an Tiarna, tugaigí moladh dó,gabhaigí buíochas lena ainm naofa.
5 [30:6] Ní mhaireann a fhearg ach móimint na huaire;ach maireann a chineáltas ó aois go bás.Bítear ag gol san oíche agus ag gáire ar maidin.
6 [30:7] Is é a dúirt mé trí mhéid mo mhuiníne:“Ní dhéanfar mo shuaitheadh go brách.”
7 [30:8] Bhunaigh do ghrásta, a Thiarna, mar dhaingean sléibhe mé,ach cheil tú do ghnúis orm gur fágadh faoi scéin mé.
8 [30:9] Is ortsa, a Thiarna, a ghlaoigh mé,chun Dé a chuir mé m’achainí.“Cén tairbhe mo bhás má ghabhaim sa pholl?
9 [30:10] An molfaidh an deannach thú: an bhfoilseoidh sé do dhílse?”
10 [30:11] Éist, a Thiarna, go trócaireach;tar, a Thiarna, i gcabhair orm.
11 [30:12] Rinne tú rince de mo chaoineadh dom, a Thiarna;bhain tú díom mo rónéadach agus chrioslaigh tú le háthas mé,
12 [30:13] i dtreo go seinnfidh m’anam do mholtaí gan staonadh.A Thiarna, a Dhia liom, molfaidh mé go brách thú.