Salm 38:1-22

Salm Dháiví. Mar chuimhneachán. 38  [38:2] A Thiarna, ná lochtaigh mé i d’fhearg;ná déan mo smachtú i do chuthach.  [38:3] Tá do shaigheada greamaithe go domhain ionamagus tháinig do lámh anuas orm.  [38:4] Ní slán do mo cholainn de dheasca d’fheirgeníl folláine i mo chnámha de thoisc mo pheaca.  [38:5] Óir d’éirigh mo chionta os mo chionnagus luíonn siad ina n-ualach róthrom orm.  [38:6] Tá mo chréachta ina mbracha is boladh bréan uathude dheasca mo dhíchéille féin.  [38:7] Tá mé crom; tá mé craptha go dearfa;triallaim timpeall go dobrónach ar feadh an lae.  [38:8] Tá mo leasracha arna líonadh d’othras,níl folláine ar bith i mo cholainn.  [38:9] Tá mé traochta; tá mé brúite as cuimse,is mé ag cneadaíl le céasadh mo chroí.  [38:10] Is feas duit, a Thiarna, mo mhianta,níor ceileadh ort m’osnaí ach oiread. 10  [38:11] Tá mo chroí ag preabadh; d’imigh mo neart uaim,agus tá solas mo shúl tar éis teip orm. 11  [38:12] Seachnaíonn mo chomhluadar is mo chairde mé,agus fanann mo ghaolta i bhfad uaim,mar gheall ar mo chréachtaí. 12  [38:13] An dream ar a bhfuil fonn mo mharaithe cuireann siad ribe romham –an dream a iarrann mo dhochar agus mo mhilleadh,beartaíonn siad feall i mo choinne ar feadh an lae. 13  [38:14] Is cosúil mé le bodhrán nach gcluineannle balbhán nach n-osclaíonn a bhéal; 14  [38:15] amhail duine nach gcluineann dada ar bith’s nach bhfuil oiread agus focal ina phluc aige. 15  [38:16] Óir is ionat atá mo dhóchas, a Thiarna,is tú a thabharfaidh freagra, a Dhia liom. 16  [38:17] Óir deirim: “An dream a bhíonn ag maíomh orman uair a shleamhnaíonn mo chos uaim,nár dhéana siad gairdeas mar gheall orm.” 17  [38:18] Óir táimse ar tí titim faoi láthair;bíonn mo bhrón as mo chomhair de ghnáth. 18  [38:19] Admhaím mo chion is mo pheaca;is buartha go fíor mé dá dheasca. 19  [38:20] Is cumhachtach iad mo naimhde gan ábharagus is líonmhar lucht m’fhuatha gan fáth, 20  [38:21] a thugann an t-olc uathu i gcúiteamh na maitheagus a chuireann i m’aghaidh toisc go leanaim den mhaith. 21  [38:22] Ná tréig mé, a Thiarna, a Dhia liom!ná bíse i bhfad uaim choíche! 22  [38:23] Brostaigh, a Dhia, chun mo chúnaimh,a Thiarna, is tú mo shlanú.

Fonótaí