Salm 4:1-8
Do stiúrthóir an chóir; le gléasanna téad. Salm le Dáiví.
4 [4:2] Éist liom is mé ag éamh ort, a Dhia na fíréantachta.D’fhuascail tú mé ó mo phianpháis, éist liom go trócaireach.
2 [4:3] A fheara, cá fhad dom faoi mhíchlú agus náire,agus sibhse ag tabhairt taitnimh don bhaois is don éitheach?
3 [4:4] Is é an Tiarna a roghnaíonn dó féin an duine diaga:éistfidh an Tiarna nuair a ghlaofaidh mé air.
4 [4:5] Bíodh eagla oraibh; ná peacaigí, déanaigí machnamh in bhur leaba.
5 [4:6] Déanaigí íobairtí córa, bíodh bhur ndóchas sa Tiarna agaibh.
6 [4:7] Is iomaí duine á rá: “Cé a nochtfaidh nithe fónta dúinn?Ardaigh solas do ghnúise os ár gcionn, a Thiarna.”
7 [4:8] Is mó a chuir tusa d’aoibhneas i mo chroíná iad siúd de bharr flúirse aráin agus fíona.
8 [4:9] Rachad a luí faoi shuaimhneas: déanfad codladh go sámh,óir is tú amháin, a Thiarna, a choimeádann ó bhaol mé.