Salm 42:1-11
Do stiúrthóir an chóir. Mascil chlann Chorach.
42 [42:2] Faoi mar a shantaíonn an eilitna sruthanna uisceis amhlaidh a shantaíonn m’anamthusa, a Dhia.
2 [42:3] Tá cíocras chun Dé ar m’anamchun Dé bheo;cá huair a thiocfaidh mé go bhfeicfidh mégnúis mo Dhé.
3 [42:4] Is iad mo dheora is bia domde lá agus d’oíchenuair a fhiafraítear díom in aghaidh an lae:“Cá bhfuil do Dhia?”
4 [42:5] Ar na nithe seo a dhéanaim mo mhachnamhnuair a chuirim mo racht díom:mar a ghluaisinn i dtosach an tsluaag triall ar theach Dé dom,le gártha gairdis agus moltai ndáil fleá agus féile.
5 [42:6] Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom,faoi mhíshuaimhneas istigh ionam?Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é;mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.
6 [42:7] Tá m’anam go buartha istigh ionam,is ort a bhím ag cuimhneamhó thír na Iordáine, ó Hearmón,agus fós ó Shliabh Mizeár.
7 [42:8] Glaonn na duibheagáin ar a chéilele torann do chuid easanna.Tagann do thonnta agus do thuilte go léirina gcaisí anuas orm.
8 [42:9] Bronnfaidh an Tiarna a bhuanghráorm de láagus canfaidh mé ceadal san oíchedo Dhia mo bheo.
9 [42:10] Deirim le Dia, mo charraig, cén fátha ndearna tú dearmad orm?Cad chuige dom triall go dobrónachis mo namhaid do mo chrá?
10 [42:11] Le hachasáin a bhaineann fáscadh as an gcroí agamtarcaisníonn mo naimhde mé,á rá liom gan stad in aghaidh an lae:“Cá bhfuil do Dhia?”
11 [42:12] Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom,faoi mhíshuaimhneas istigh ionam?Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é;mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.