Salm 52:1-9

Do stiúrthóir an chóir. Mascil de chuid Dháiví [52:2] nuair a tháinig Doéig an tEadómach chuig Sól á rá leis: “Chuaigh Dáiví isteach i dteach Aichímeilic.” 52  [52:3] Cad chuige duit bheith ag maíomh as do mhioscais,a ghaiscígh na hurchóide?  [52:4] Déanann tú uisce faoi thalamh feadh an lae,agus faobhar ar do theanga mar rásúr géar,a chealgaire ghlic.  [52:5] Is ansa leat an t-olc ná an mhaitheas,an t-éitheach ná an fhírinne.  [52:6] Is áil leat an uile chaint dhíobhálach,a theanga na camastaíola.  [52:7] Uime sin déanfaidh Dia do scriosadhagus do mhilleadh go deo.Sracfaidh sé as do bhoth amach thúagus bainfidh sé amach ó fhréamh thúas talamh na mbeo.  [52:8] Feicfidh na fíréin is beidh eagla orthu;beidh siad ag gáire faoi, á rá:  [52:9] “Sin é an fear nár mhian leisgo mbeadh Dia ina dhaingean aige,ach a chuir a dhóchas in iomad a mhaoineagus a neart ina choirpeacht.”  [52:10] Ach bímse mar úrchrann olóige in áras Dé;’s tá mo dhóchas i ndilghrá Dégo brách agus choíche.  [52:11] Tabharfaidh mé buíochas duit go deode bharr a ndearna tú,agus fógróidh mé feabhas d’ainmsei bhfianaise na bhfíréan.

Fonótaí