Salm 53:1-6
Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Mahalat”. Mascil Dháiví.
53 [53:2] Deir an t-amadán ina chroí:“Níl aon Dia ann.”Tá siad truaillithe; déanann siad gníomhartha gránna;níl aon duine maith ann.
2 [53:3] Breathnaíonn an Dia ó neamhar chlann na ndaoinego bhfeice sé an bhfuil tuiscint ag aon duinenó an iarrfaidh sé Dia.
3 [53:4] Chuaigh siad uile ar seachrán;truaillíodh iad uile,níl neach ann a dhéanfadh an mhaith,níl oiread is duine.
4 [53:5] An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc?Slogann siad mo phobalgo díreach mar a shlogfaí arán.Ní ghlaonn siad ar Dhia.
5 [53:6] Beidh siad ar crith le heaglagan aon chúis eagla acu.Óir scaip Dia cnámha do lucht ionsaithe;tugadh a náire agus dhiúltaigh Dia dóibh.
6 [53:7] Á, go dtaga slánú Iosrael as Síón amach!Nuair a chasfaidh an Tiarna an rath ar a phobalbeidh áthas ar Iacób agus gairdeas ar Iosrael.