Salm 60:1-12

Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Lile an Dlí”. Mictam le Dáiví. Le foghlaim. [60:2] Nuair a ghabh sé amach i gcoinne Arám Naharaím agus Arám Zóbá nuair a tháinig Ióáb ar ais gur threascair sé Eadóm i nGleann an tSalainn – 12,000 (fear). 60  [60:3] Theilg tú uait sinn, a Dhia, agus threascair tú sinn;bhí tú i bhfeirg linn, fill orainn arís.  [60:4] Chroith tú an talamh agus scoilt tú é.Déan a chréachtaí a leigheas óir tá sé ar crith.  [60:5] Chuir tú do phobal faoi chuing an chruatain,thug tú fíon ár mearaithe le hól dúinn.  [60:6] Thug tú comhartha don dream lenarb eagal túionas go dteithfidís as raon an bhogha, Selah  [60:7] agus go ndéanfaí d’aos grá a shaoradh.Fóir orainn le do dheasláimh agus éist linn.  [60:8] Labhair Dia ina shanctóir agus gheall sé:“Roinnfidh mé Seicim go ríméadachagus déanfaidh mé Gleann Sucót a thomhas.  [60:9] Is liom tír Ghileád, is liom Manaise;is é Eafráim clogad mo chinn,is é Iúdá mar an gcéanna mo ríshlat;  [60:10] is é Móáb mo bháisín níocháin.Ar Eadóm a bhuailfidh mé mo bhróg,agus béarfaidh mé bua ar Fhilistía.”  [60:11] Cé sheolfaidh isteach mé sa chathair chosanta?Cé thabharfaidh go hEadóm isteach mé? 10  [60:12] Nach tú a chuir uait sinn, a Dhia,ionas nach ngabhann tú amach lenár sluaite? 11  [60:13] Tabhair cúnamh dúinn in éadan ar naimhdeóir is díomhaoin é cúnamh ón duine. 12  [60:14] Déanfaimid gaisce le cunamh ó Dhiaóir is é a ghabhfaidh de chosa inár naimhde.

Fonótaí