Salm 67:1-7

Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. Salm. Amhrán. 67  [67:2] Bí trócaireach linn, a Thiarna, agus beannaigh sinn;taispeáin dúinn solas do ghnúise.  [67:3] Chun go n-aithneofaí do shlí ar talamhagus do shlánú i measc na náisiún go léir.  [67:4] Go mola na ciníocha thú, a Dhia;go mola na ciníocha go léir thú.  [67:5] Go ndéana na náisiúin lúcháir agus gairdeastoisc go rialaíonn tú an domhan le fíréantacht,[Rialaíonn tú na ciníocha le cothromas];treoraíonn tú na náisiúin ar talamh. Selah  [67:6] Go mola na ciníocha thú, a Dhia;go mola na ciníocha go léir thú.  [67:7] Thug an talamh a thoradh uaidh go flúirseach;agus chuir Dia, ár nDia, a bheannacht orainn.  [67:8] Go mbeannaí ár nDia i gcónaí sinnagus gurab eagal le críocha na cruinne é!

Fonótaí