Salm 68:1-35
Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. Amhrán.
68 [68:2] Éireoidh Dia agus scaipfear a naimhdeagus teithfidh as a láthair an dream a thugann fuath dó.
2 [68:3] Mar a scaiptear an deatach is amhlaidh a scaipfear iad;mar chéir a leátar i láthair na tinerachaidh na peacaigh ar neamhní i bhfianaise Dé.
3 [68:4] Ach beidh áthas ar na fíréin i bhfianaise Dé,déanfaidh siad gairdeas go meidhreach meanmnach.
4 [68:5] Canaigí amhrán do Dhia agus seinnigí dá ainm,déanaigí slí don té atá ag marcaíocht ar na néalta;gairdigí don Tiarna, déanaigí lúcháir ina láthair.
5 [68:6] Athair na ndílleachtaí agus caomhnóir na mbaintreach;is é sin Dia ina áras naofa.
6 [68:7] Is é Dia a thugann teallach don aonarán uaigneach;seolann sé na braighdeanaigh chun saoirse agus sonais,ach fágann sé lucht ceannairce i dtalamh gan uisce.
7 [68:8] A Dhia, nuair a ghabh tú roimh do phobal amach,nuair a thriall tú tríd an bhfásach bhí an talamh ar crith.Selah
8 [68:9] Bhí néalta neimhe ag díle báistí i bhfianaise Dé –i bhfianaise Dé is Dia do Iosrael.
9 [68:10] D’fhear tú flúirse fearthainne, a Dhia, ar d’oidhreacht;thug tú beatha do do phobal agus iad ar an ngorta.
10 [68:11] Is ann a lonnaigh do phobal de bharr do chineáltaismar a ndearna tú soláthar, a Dhia, do lucht an ghátair.
11 [68:12] Tugann an Tiarna an briathar uaidh;is líonmhar an slua iad lucht inste dea-scéala:
12 [68:13] “Cuirtear ruaig is raon maidhme ar ríthe na sluaiteagus tá an bhantracht sa bhaile ag roinnt na creiche.
13 [68:14] Bíodh go bhfuil sibhse in bhur luí i measc chróite na gcaorachtá sciatháin an choilm arna gclúdach le hairgeadagus a chleití ag drithliú le ruithne an óir,
14 [68:15] San uair a scaip an tUilechumhachtach na rítheagus leag sé ar lár iad mar shneachta ar Shalmón.”
15 [68:16] Is maorga na sléibhte iad sléibhte Bháiseán;is sléibhte beannacha iad sléibhte Bháiseán.
16 [68:17] Cad fáth a bhfuil éad oraibh, a shléibhte beannacha,ag féachaint ar an sliabh daoibh a thogh Dia mar áras?Is ann a bheidh an Tiarna ina chónaí go brách.
17 [68:18] Tá na mílte agus na mílte de charbaid Dé ann;tháinig an Tiarna ó Shíonái chun an ionaid naofa.
18 [68:19] Ghabh tú in airde agus braighdeanaigh mar aon leatagus ghlac tú le tíolacthaí ó dhaoine, a Thiarna –fiú amháin ó lucht ceannairce i d’áras, a Dhia.
19 [68:20] Moladh leis an Tiarna ó lá go chéile,an Dia a thugann taca dúinn; is é ar slánaitheoir é.Selah
20 [68:21] Dia a thugann tarrtháil orainn an Dia seo againne;tugann an Tiarna ár nDia doras éalaithe ón mbás dúinn.
21 [68:22] Déanfaidh Dia go dearfa cloigeann a naimhde a bhascadh;baithis mhongach an té a chéimníonn gan staonadh ina chionta.
22 [68:23] Is é a dúirt an Tiarna: tabharfaidh mé ar ais ó Bháiseán iad;tabharfaidh mé ar ais iad ó dhuibheagáin na mara,
23 [68:24] chun go dtomfaidh tú do chosa i bhfuil do naimhdeagus go mbeidh a gcuid féin díobh ag teangacha do mhadraí.
24 [68:25] Feictear do mhórshiúlta sollúnta, a Dhia;mórshiúlta mo Dhé agus mo Rí san ionad naofa;
25 [68:26] na cantairí i dtús an tslua, na cruitirí ar deireadh,na cailíní ina lár istigh ag seinm ar thiompáin.
26 [68:27] Molaigí an Tiarna i gcomhthionóil shollúnta;molaigí bhur nDia, a shliocht chlann Iosrael.
27 [68:28] Siúd é Biniáimin an té is óige i dtosach an tsluaagus siúd iad flatha Iúdá ag gluaiseacht ina sluaite;mar aon le flatha Zabúlun agus flatha Naftáilí.
28 [68:29] Cruinnigh do chumhacht, a Dhia, nocht dúinn do neart,an chumhacht sin a d’oibrigh tú a Dhia, ar ár son.
29 [68:30] As ucht do theampaill in Iarúsailéim in airde,bíonn mórán ríthe ag tabhairt tíolacthaí chugat.
30 [68:31] Bí ag bagairt ar ainmhithe allta na ngiolcach,táinte na dtarbh agus laonna na gciníocha;sléachtaidís go humhal duit le bronntanais airgid;cuir scaipeadh ar na ciníocha a bhfuil a ndúil sa chogadh.
31 [68:32]Tiocfaidh na flatha ag triall ort ón Éigiptagus sínfidh an Aetóip a lámha chun Dé.
32 [68:33] Canaigí do Dhia, a ríochtaí na cruinne,seinnigí moladh ar an gcláirseach don TiarnaSelah
33 [68:34] atá ina shuí ar néalta neimhe os ar gcionn in airde;ardaíonn sé a ghlór agus is cumasach an glór é.
34 [68:35a] Tagaigí agus admhaígí mórchumhacht Déa bhfuil ceannas aige ar Iosrael agus cumhacht sna spéartha.
35 [68:35b] Is ineaglaithe Dia Iosrael ina shanctóir naofa;is é a thugann neart agus cumhacht dá phobal.Moladh le Dia!