Salm 8:1-9
Do stiúrthóir an chóir. Ar an “gittith”. Salm Dháiví.
8 [8:2] A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach éd’ainm ar fud na cruinne!Moltar do mhaorgacht os cionn na spéartha
2 [8:3] as béal naíonán agus leanaí cíche.Bhunaigh tú daingean in aghaidh d’eascairded’fhonn naimhde agus ceannaircigh a chloí.
3 [8:4] Nuair a fheicim na spéartha, saothar do mhéar –an ré agus na réaltaí a rinne tú –
4 [8:5] cad is duine ann go dtógfá ceann de?ná mac an duine go ndéanfá cúram de?
5 [8:6] Rinne tú beagán níos lú ná dia égur chuir tú barr glóire agus gradaim air.
6 [8:7] Thug tú ceannas ar oibreacha do lámh dóagus chuir tú gach aon ní faoina chosa,
7 [8:8] idir chaoirigh agus eallaí agus eileagus ainmhithe uile an mhachaire,
8 [8:9] éanlaith an aeir agus iasc na maraagus a ngluaiseann ar raonta na farraige.
9 [8:10] A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach éd’ainm ar fud na cruinne!