Salm 82:1-8

Salm Ásáf. 82  Éiríonn Dia sa chomhthionól diagaa thabhairt breithiúnais i lár na ndéithe.  “Cá fhad a thabharfaidh sibh breith go héagórach;agus lé agaibh le cúis na n-éagráifeach? Selah  Cosnaígí an daibhir agus an dílleachta;déanaigí ceart don dealbh agus don dearóil.  Fuasclaígí a bhfuil faoi ansmacht agus ainnise;sabhálaigí ó láimh na n-éagráifeach iad.”  Bíonn siad ag útamáil gan tuiscint sa dorchacht;agus fothaí na talún á mbogadh.  Is é rud a dúirt mé: “Is déithe sibh;clann an Té is Airde sibh uile.  Éagfaidh sibh, mar sin féin, ar nós daoine;agus titfidh sibh mar a thitfeadh prionsa ar bith.”  Éirigh, a Dhia! tabhair breith ar an talamh;óir is leat na ciníocha go léir.

Fonótaí