Salm 85:1-13

Do stiúrthóir an chóir. Salm le clann Chorach. 85  [85:2] Bhí tú fabhrach le do thalamh, a Thiarna;d’athraigh tú chun feabhais cinniúint Iacóib.  [85:3] Mhaith tú a gcoir do do phobalagus d’fholaigh tú a bpeacaí go léir.  [85:4] Chuir tú cosc le d’fhearg ar fad;chuir tú suas de do chonfadh buile.  [85:5] Cuir ar ais sinn, a Dhia ár Slanaitheoir;agus ná bí i bhfaltanas linn feasta.  [85:6] An mbeidh tú i bhfeirg linn go brách,nach mbeidh deireadh go deo le do fhraoch?  [85:7] Nach dtabharfaidh tú aiseag ár mbeatha dúinnchun go ndéanfaidh do phobal lúcháir ionat?  [85:8] Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire,agus tabhair dúinn cúnamh do shlánaithe.  [85:9] Éistfidh mé leis an Tiarna Diaóir labhróidh sé ar son na síochána –síocháin dá mhuintir agus dá fhíréin;agus don dream a d’iompaigh chuige ó chroí.  [85:10] Tá a shlánú i ngar do lucht a eaglaithe;chun go gcónódh a ghlóir inár dtír. 10  [85:11] Casadh ar a chéile an buanghrá is an dílseacht;phóg an fhíréantacht agus an tsíocháin a chéile. 11  [85:12] Eascróidh an dílseacht as an talamh;agus breathnóidh an fhíréantacht ó neamh. 12  [85:13] Cuirfidh an Tiarna an séan orainn;agus tabharfaidh an talamh a thoradh uaidh. 13  [85:14] Rachaidh an fhíréantacht roimhe amach;agus an slánú i slí a choiscéimeanna.

Fonótaí