Salm 88:1-18
Amhrán: Salm de chuid chlann Chorach. Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Mahalat”. Mascil Heman an dúchasach.
88 [88:2] A Thiarna Dia, bím ag éamh ort de lá;bím ag caoineadh istoíche os do chomhair.
2 [88:3] Go dtaga mo ghuí ag triall ort;claon do chluas chun mo ghlóir.
3 [88:4] Óir tá m’anam lánualaithe le buarthaí;tá mo bheatha ag druidim leis an uaigh.
4 [88:5] Áirítear mé ar an drong a ghabhann sa pholl;agus ráinig mé mar neach gan neart;
5 [88:6] mar dhuine ina aonar i measc na marbh,amhail an t-ár ina luí san uaigh,atá imithe as do chuimhne go brách,agus atá scartha le do chúram caomhnaitheach.
6 [88:7] Chuir tú go domhain san uachais mé,in íochtar an duibheagáin dhorcha.
7 [88:8] Luíonn do dhíbheirg go trom orm;tá mé báite faoi do thonnta go léir.
8 [88:9] Chuir tú mo chairde i bhfad uaim;thug tú orthu déistin a ghlacadh liom.Táim faoi ghlas is ní féidir liom éalú;
9 [88:10] tá mo shúile ag meirtniú le téann buartha.
Bím ag éamh ort gach aon lá, a Thiarna;is chugat a shínim mo lámha.
10 [88:11] An ndéanfaidh tú éachtaí do na mairbh?an éireoidh na neamhbheo do do mholadh?
11 [88:12] An bhfógrófar do ghrá san uaigh,nó do dhílseacht i measc na marbh?
12 [88:13] An bhfoilseofar d’éachtaí sa dorchacht;agus d’fhíréantacht i dtír na díchuimhne?
13 [88:14] Is ort a bhím ag éamh, a Thiarna,is chugat a thagann m’urnaí ar maidin.
14 [88:15] Cad chuige duit m’anam a ruaigeadh?cad fáth a bhfolaíonn tú d’aghaidh orm?
15 [88:16] Tá mé i m’ainniseoir, i riocht bháis ó m’óige;scanraigh mé romhat gur traochadh mo neart.
16 [88:17] Tháinig do dhíbheirg orm anuas,agus rinne do sceimhle mo scriosadh.
17 [88:18] Bíonn siad i mo thimpeall de shíor amhail tuile;tagann siad uile i mo thimpeall in éineacht.
18 [88:19] Sciob tú uaim mo chara agus mo chomharsa;is í an dorchacht mo chompánachsa feasta.