Uimhreacha 17:1-13

17  Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:  “Labhair le clann Iosrael agus abair leo craobhacha a thabhairt duit, craobh thar ceann gach teaghlaigh athartha; tugadh na ceannairí le chéile dosaon craobh thar ceann a dteaghlach athartha. Scríobh ainm gach duine ar a chraobh  agus scriobh ainm Árón ar chraobh Léiví; óir beidh craobh do cheann gach teaghlaigh athartha.  Ansin cuir iad i mBoth na Teagmhála, os comhair na Fianaise, mar a dteagmhaím leat.  An té a dtiocfaidh bláth ar a chraobh, sin é an té atá tofa agam; sin mar a chuirfidh mé deireadh leis na gearáin atá á ndéanamh ag clann Iosrael i d’aghaidh.”  Labhair Maois le hIosrael agus thug a gceannairí go léir craobh an duine dó, dosaon craobh ar fad thar ceann na dteaghlach athartha; bhí craobh Árón i measc na gcraobhacha.  Leag Maois iad i mBoth na Teagmhála i láthair an Tiarna.  Lá arna mhárach ghabh Maois isteach i mBoth na Fianaise agus b’shiúd í craobh Árón, thar ceann theaghlach Léiví, ag péacadh cheana féin. Bhí bachlóga curtha amach aici, agus bláthanna tagtha uirthi, agus almóinní aibí uirthi.  Thug Maois leis na craobhacha go léir ó láthair an Tiarna amach go clann Iosrael go léir; rinneadar iad a spiúnadh agus thóg gach duine a chraobh féin leis. 10  Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Cuir craobh Árón ar ais i láthair na Fianaise mar a mbeidh sí á coimeád ina sampla do na ceannaircigh seo; cuirfidh sí deireadh go deo lena monabhar i m’aghaidh le nach bhfaighidh siad bás.” 11  Rinne Maois mar a d’ordaigh an Tiarna; mar a d’ordaigh an Tiarna is ea a rinne sé. 12  Dúirt clann Iosrael le Maois: “Tá deireadh linn! Tá an bás chugainn! Tá an bás chugainn go léir! 13  Aon duine a théann i ngar do thaibearnacal an Tiarna le hofráil, gheobhaidh sé bás. An é an bás atá i ndán dúinn go léir?”

Fonótaí