Uimhreacha 18:1-32
18 Ansin dúirt an Tiarna le hÁrón: “Tusa agus do chlann mhac agus do theaghlach go léir a iompróidh ualach na bpeacaí in aghaidh an tsanctóra; tusa agus do chlann mhac a iompróidh ualach na bpeacaí a bhaineann le bhur sagartacht.
2 Tagadh do bhráithre de chraobh Léiví, craobh d’athar, in éineacht leat chomh maith; aontaídís leat agus déanaidís fónamh duit, duit féin agus do do chlann mhac, agus tú os comhair Bhoth na Fianaise.
3 Tá siad le fónamh duitse agus do sheirbhís uile na Botha. Ar choinníoll nach dtagann siad i ngar do na soithí naofa ná don altóir, ní baol dóibh an bás ach oiread leat féin.
4 Aontaídís leat, agus déanaidís cúram Bhoth na Teagmhála i gcomhair sheirbhís uile na Botha; ná tagadh aon duine eile gan údarás in bhur ngaobhar.
5 Bígí féin i bhfeighil an tsanctóra agus i bhfeighil na haltóra, agus ní thiocfaidh an cuthach go deo arís sa mhullach ar chlann Iosrael.
6 Agus siúd iad bhur mbráithre, na Léivítigh, tógtha agam as chlann Iosrael mar thabhartas duit; mar thoirbheartaigh, is leis an Tiarna iad le fónamh ag Both na Teagmhála.
7 Gabhsa agus do chlann mhac mar aon leat na dualgais sagairt a bhaineann leis an altóir agus lena bhfuil laistigh den fhial oraibh féin. Ceiliúrfaidh sibh an liotúirge; cuirim a dhualgais ar bhur sagartacht. Ach aon duine eile gan údarás a thiocfaidh i ngar, cuirfear chun báis é.”
8 Dúirt an Tiarna le hÁrón ansin: “Chuir mé féin tú i bhfeighil gach dleacht dá n-ofráiltear dom. Gach ní a choisriceann clann Iosrael tugaim mar chuid ranna duit iad, agus do do mhaca, de réir reachta shíoraí.
9 Sé seo a bheidh agat de na nithe sárnaofa, den bhia curtha ar leith ón tine: gach ofráil a dhéanann clann Iosrael ar ais dom, cibé acu abhlann í, nó íobairt pheaca, nó íobairt leorghnímh, is rud sárnaofa í; bainfidh sí leatsa agus le de mhaca.
10 Ní miste duit na nithe sárnaofa sin a ithe, agus ní miste do gach fireannach iad a ithe; bídís naofa agat.
11 Is leat mar an gcéanna cibé ní a chuirtear i leataobh d’ofrálacha chlann Iosrael a chuirtear i láthair mar dhleacht; tugaim é sin duitse agus do do mhic agus do d’iníonacha, trí reacht síoraí. Ní cás do gach duine glan i do theach é a ithe.
12 Togha na hola, togha an fhíona agus na cruithneachta, na céadtorthaí a bhronnann siad ar an Tiarna, tugaim duit iad.
13 Céadfhómhar a n-ithreach a thugann siad go dtí an Tiarna, bídís agatsa. Gach duine glan i do theach ní cás dó é a ithe.
14 A mbíonn faoi bhang in Iosrael, bíodh sé agat.
15 Gach céadghin de dhúile beo más fear, más ainmhí, a thabharfar chun an Tiarna, bíodh sé agatsa. Gach céadghin fir, áfach, agus gach céadghin ainmhí neamhghlain, ní foláir duit iad a fhuascailt.
16 In aois míosa a fhuasclóidh tú iad ar chostas cúig sheicil, de réir seicil an tsanctóra, fiche géará is é sin.
17 Ach céadlao bó, céaduan caorach, nó céadmheannán gabhair, ná fuascail; tá siadsan naofa. Ní foláir duit a gcuid fola a chroitheadh ar an altóir agus a saill a dhó mar ofráil dhóite, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna.
18 Leatsa an fheoil, mar aon leis an mbrollach a cuireadh i láthair mar dhleacht ar leith, agus an cheathrú dheas.
19 Gach a gcuireann clann Iosrael de na nithe naofa i leataobh don Tiarna, tugaim duitse agus do do mhic agus do d’iníonacha de réir reachta shíoraí. Conradh salainn é seo go brách i láthair an Tiarna, duit féin agus do do shliocht i do dhiaidh.”
20 Dúirt an Tiarna le hÁrón: “Ní bheidh aon oidhreacht agat ina bhfearann, ná ní bheidh seilbh agat ar aon chuid de ina measc. Mise do chuid ranna agus d’oidhreacht i measc chlann Iosrael.
21 Thug mé, thug sin, do chlann Léiví mar oidhreacht na deachúna go léir in Iosrael ar son na seirbhíse lena ndéanann siad seirbhís i mBoth na Teagmhála.
22 Ná tagadh clann Iosrael i ngaobhar Bhoth na Teagmhála feasta; bheadh peaca ina ualach orthu agus gheobhaidís bás.
23 Le Léiví a bhaineann seirbhís Bhoth na Teagmhála, agus iompróidh na Léivítigh ualach a bpeaca. Seo reacht síoraí do bhur sliocht go léir: Ná bíodh aon oidhreacht ag na Léivítigh i measc chlann Iosrael.
24 An deachú a chuireann clann Iosrael i leataobh don Tiarna, tá sí á tabhairt agam do na Léivítigh mar oidhreacht. Uime sin a dúirt mé leo go mbeidh siad gan oidhreacht i measc chlann Iosrael.”
25 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
26 “Abair leis na Léivítigh: ‘Nuair a ghlacann sibh an deachú ó chlann Iosrael, an deachú a chaithfidh siad a dhíol libh agus atá á tabhairt agam daoibh ní foláir daoibh cuid de a chur i leataobh don Tiarna, deachú den deachú.
27 Beidh sí seo in áit na hofrála is dual uaibh, mar an t-arbhar ón urlár buailte agus an nuafhíon ón gcantaoir.
28 Déanfaidh sibhse chomh maith dá bhrí sin roinn a ofráil don Tiarna as gach deachú a ghlacfaidh sibh ó chlann Iosrael. Tugaigí an chuid a ofrálann sibh i leataobh don Tiarna d’Árón an sagart.
29 Cuirigí an chuid is dual de gach tabhartas a gheobhaidh sibh i leataobh don Tiarna. Cuirigí an chuid naofa i leataobh ó thogha na nithe seo go léir.’
30 Abair leo: ‘Nuair a bhíonn an togha curtha i leataobh, bíodh na tabhartais seo go léir (i gcás na Léivíteach) in áit toradh an urláir bhuailte agus an chantaoir fíona.
31 Ní cás daoibh iad a ithe in aon áit, sibh féin agus bhur muintir; sé seo bhur luach saothair ar son bhur seirbhíse i mBoth na Teagmhála.
32 Ní bheidh ualach aon pheaca oraibh dá bharr seo, a luaithe a bhíonn an chuid is fearr ofrálta agaibh; ní mó ná sin a bheidh na nithe a choisric clann Iosrael á dtruailliú agaibh, agus ní bhfaighidh sibh bás.’”