Uimhreacha 2:1-34

2  Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt:  “Déanadh clann Iosrael a mbothanna a chur suas de réir eagair, gach duine ag a bhrat féin, faoi bhratach theaghlach a shinsearachta. Cuiridís suas a mbothanna mórthimpeall thaibearnacal na Fianaise fad áirithe uaidh amach.  Maidir leo siúd atá lena mbothanna a chur lastoir: i dtreo éirí gréine, bratach champa Iúdá, faoi chóiriú catha; mar cheann ar chlann Iúdá: Nachsón mac Amaíneádáb,  agus seachtó ceathair míle sé chéad fear ar a ríomh, faoina cheannas.  Le campáil taobh leis: treibh Íosácár. Mar cheann ar chlann Íosácár: Natanael mac Zúár,  agus caoga ceathair míle ceithre chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas.  Treibh Zabúlun. Mar cheann ar chlann Zabúlun: Eilíáb mac Haelon,  agus caoga seacht míle ceithre chéad ar a ríomh faoina cheannas.  Is é líon tionóil iomlán champa Iúdá ar a ríomh, céad ochtó sé mhíle ceithre chéad. Siad atá le bheith ar tosach ag scor campa. 10  “Ar an taobh theas: bratach champa Reúbaen faoi chóiriú catha; mar cheann ar chlann Reúbaen: Eilíozúr mac Shidéúr, 11  agus daichead sé mhíle cúig céad fear, ar a ríomh, faoina cheannas. 12  Le campáil taobh leis: treibh Shímeon. Mar cheann ar chlann Shímeon, Sealuimíéil mac Zúiriseadái, 13  agus caoga naoi míle trí chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas. 14  Treibh Ghád. Mar cheann ar chlann Ghád: Eiliásáf mac Dheúael, 15  agus daichead cúig mhíle sé chéad agus caoga fear, ar a ríomh, faoina cheannas. 16  Is é líon tionóil iomlán champa Reúbaen ar a ríomh, céad agus caoga haon mhíle ceithre chéad agus a caoga. Siad atá le bheith sa dara háit ag scor campa. 17  “Ansin gluaiseadh Both na Teagmhála agus campa na Léivíteach i lár na gcampaí eile. Bíodh eagar a ngluaiste ar aon dul le heagar a gcampála, gach duine in ord faoina bhrat féin. 18  “Ar an taobh thiar: Bratach champa Eafráim faoi chóiriú catha. Mar cheann ar chlann Eafráim: Eilíseámá mac Aimíohud, 19  agus daichead míle cúig céad fear ar a ríomh, faoina cheannas. 20  Le campáil taobh leis: treibh Mhanaise. Mar cheann ar chlann Mhanaise: Gamailíéil mac Phadázúr, 21  agus tríocha dó míle dhá chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas. 22  Treibh Bhiniáimin. Mar cheann ar chlann Bhiniáimin: Aibíodan mac Ghideoiní, 23  agus tríocha cúig mhíle ceithre chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas. 24  Is é líon tionóil iomlán Eafráim, ar a ríomh, céad agus a hocht míle agus céad. Siad atá le bheith sa tríú háit ag scor campa. 25  “Ar an taobh thuaidh: bratach champa Dhán faoi chóiriú catha. Mar cheann ar chlann Dhán: Aichíeizir mac Aimíseadái, 26  agus seasca dó míle seacht gcéad fear ar a ríomh, faoina cheannas. 27  Lé campáil taobh leis: treibh Áiséar. Mar cheann ar threibh Áiséar: Paigiéil mac Ocrán, 28  agus daichead a haon mhíle fear, ar a ríomh, faoina cheannas. 29  Ansin treibh Naftáilí: mar cheann ar chlann Naftáilí: Aichíora mac Aenán, 30  agus caoga trí mhíle ceithre chéad fear faoina cheannas. 31  Is é líon tionóil iomlán champa Dhán, ar a ríomh, céad caoga seacht míle sé chéad. Siad a bheidh ar deireadh ag scor campa, brat ar bhrat.” 32  Ba é sin líon chlann Iosrael nuair a rinneadh an daonáireamh de réir teaghlach sinsearachta. Ba é líon iomlán an champa uile, cóirithe ina gceannasaíochtaí faoi leith, sé chéad agus a trí mhíle cúig céad agus a caoga fear. 33  Ach níor áiríodh na Léivítigh i measc chlann Iosrael de réir mar a d’ordaigh an Tiarna do Mhaois. 34  Rinne clann Iosrael de réir mar a d’ordaigh an Tiarna do Mhaois; sin mar a shuíodar a gcampa, faoi eagar a mbrat. Sin mar scoireadar campa, gach duine lena mhuintir féin de réir fine.

Fonótaí