Uimhreacha 22:1-41
22 Ansin chuir clann Iosrael chun siúil agus shuíodar a gcampa i machairí Mhóáb, lastall den Iordáin, os comhair Ireachó.
2 Chonaic Bálác mac Zipeor gach a raibh déanta ag Iosrael leis na hAmóraigh.
3 Agus tháinig scéin ar Mhóáb roimh an bpobal seo ar a líonmhaire; bhí eagla ar Mhóáb roimh chlann Iosrael.
4 Dúirt sé le seanóirí Mhidián: “Seo an mathshlua seo ag crinneadh gach ní inár dtimpeall mar a chrinnfeadh damh féar na mbánta.” Ba é Bálác mac Zipeor rí Mhóáb an t-am sin.
5 Sheol sé teachtairí ag gairm Balám mac Bheór, i bPatór ar an Abhainn, i dtír chlann Amau, á rá: “Féach tá an dream seo tagtha as an Éigipt agus tá lámh tugtha acu thar chlár na talún; tá curtha fúthu acu ar mo thairseach.
6 Tar, le do thoil, agus cuir mallacht ar an dream seo dom, mar tá siad róthréan dom. Ansin b’fhéidir go bhféadfainn an lámh in uachtar a fháil orthu agus iad a thiomáint as an tír. Óir is maith is eol dom gur beannaithe an té ar a gcuireann tú do bheannacht, agus gur mallaithe an té ar a gcuireann tú do mhallacht.”
7 Chuir seanóirí Mhóáb agus seanoirí Mhidián chun siúil agus na sintiúis don asarlaíocht acu, agus thángadar go Balám agus thug dó teachtaireacht Bhálác.
8 “Fanaigí anseo thar oíche,” ar sé leo, “agus tabharfaidh mé freagra ar ais chugaibh de réir mar a déarfaidh an Tiarna liom.” D’fhan prionsaí Mhóáb le Balám.
9 Tháinig Dia go Balám agus dúirt: “Cé hiad na fir seo ag fanúint farat?”
10 D’fhreagair Balám Dia: “Bálác mac Zipeor rí Mhóáb, chuir sé an teachtaireacht seo chugam:
11 ‘Féach tá an dream seo tagtha as an Éigipt agus tá lámh tugtha acu thar chlár na talún. Tar agus cuir do mhallacht orthu dom; ansin b’fhéidir go bhféadfainn cath a chur orthu agus iad a thiomáint amach.’”
12 Dúirt Dia le Balám: “Ná téigh leo. Na cuir mallacht ar an muintir seo óir tá siad beannaithe.”
13 D’éirigh Balám lá arna mhárach agus dúirt leis na taoisigh a chuir Bálác chuige: “Téigí ar ais go dtí bhur dtír féin óir ní ligfeadh an Tiarna dom dul libh.”
14 D’éirigh taoisigh Mhóáb dá bhrí sin agus d’fhilleadar go Bálác agus dúradar: “Ní toil le Balám teacht linn.”
15 Sheol Bálác a thuilleadh prionsaí, níos líonmhaire agus níos céimiúla ná an chéad dream.
16 Thángadar go Balám agus dúradar leis: “Seo teachtaireacht ó Bhálác mac Zipeor: ‘Ná diúltaigh, impím ort, teacht chugam.
17 Caithfidh mé onóracha leat agus déanfaidh mé cibé rud a déarfaidh tú liom. Tar agus cuir mallacht ar an muintir seo dom.’”
18 Ach d’fhreagair Balám teachtaí Bhálác: “Dá dtabharfadh Bálác lán a thí d’ór agus d’airgead dom, ní fhéadfainn aithne an Tiarna mo Dhia a shárú in aon ní beag ná mór.
19 Ach fanaigí féin leis anseo thar oíche, le bhur dtoil, agus gheobhaidh mé amach cad eile atá ag an Tiarna le rá liom.”
20 Tháinig Dia go Balám i gcaitheamh na hoíche, agus dúirt leis: “Nár tháinig na fir seo ag glaoch ort? Éirigh agus téigh leo. Ach ná déan aon ní thar mar a déarfaidh mé leat.”
21 D’éirigh Balám ar maidin agus chuir an diallait ar a láir asail agus chuir chun siúil le taoisigh Mhóáb.
22 Las fearg an Tiarna de bharr a imeachta, agus sheas aingeal sa tslí air ar an mbealach á bhac. Bhí sé ar muin a asail agus a bheirt shearbhónta in éineacht leis.
23 Chonaic an t-asal aingeal an Tiarna ina sheasamh ar an mbóthar, agus claíomh nocht ina láimh, agus d’imigh an t-asal i leataobh ón mbóthar agus seo leis trí na bánta. Ach bhuail Balám an t-asal á chur ar ais ar an mbóthar.
24 Ansin sheas aingeal an Tiarna ar chosán cúng idir na fíniúna, le balla ar a dheis agus balla ar a chlé.
25 Chonaic an t-asal aingeal an Tiarna agus dhruid sé le balla agus bhrúigh sé cos Bhalám i gcoinne an bhalla agus bhuail Balám arís é.
26 Ar aghaidh le haingeal an Tiarna ansin agus sheas in áit a bhí chomh cúng nach raibh aon slí chun gabháil thart ar dheis ná ar chlé.
27 Nuair a chonaic an t-asal aingeal an Tiarna, luigh sé síos faoi Bhalám, agus tháinig racht feirge ar Bhalám agus bhuail sé é lena bhata.
28 Ansin d’oscail an Tiarna béal an asail agus dúirt sé le Balám: “Cad tá déanta agam ort, a rá is gur bhuail tú mé trí huaire mar seo?”
29 Dúirt Balám leis an asal: “Tá tú ag déanamh ceap magaidh díom! Nár bhreá liom claíomh a bheith agam i mo ghlaic, mar go mbeifeá marbh agam faoin am seo!”
30 Dúirt an t-asal le Balám: “Nach mise d’asal? Nach orm a rinne tú marcaíocht ó d’óige go dtí seo? I gcaitheamh an ama sin go léir ar theip mé riamh ort ag freastal ort?” “Ní dhearna tú,” ar sé.
31 Ansin d’oscail an Tiarna súile Bhalám. Chonaic sé aingeal an Tiarna ina sheasamh ar an mbóthar agus claíomh nocht ina láimh, agus chrom sé síos agus thit ar a bhéal agus ar a fhiacla.
32 Dúirt aingeal an Tiarna leis: “Cad a b’áil leat ag bualadh d’asail trí huaire mar sin? Seo mise féin tagtha do do chosc mar is claon é do bhealach romham.
33 Chonaic an t-asal mé agus chas i leataobh mar sin uaim trí huaire. Ba mhaith an mhaise duit gur chas sé i leataobh nó bheifeá marbh agam faoin am seo, fág go scaoilfinn a anam leis.”
34 Ansin dúirt Balám le haingeal an Tiarna: “Rinne mé peaca. Ní raibh a fhios agam go raibh tú i do sheasamh sa tslí orm. Anois más ea, má tá tú i bhfearg liom, rachaidh mé ar ais.”
35 D’fhreagair aingeal an Tiarna Balám: “Téigh in éineacht leis na fir seo, ach ná habair aon ní ach mar a déarfaidh mé leat.” D’imigh Balám ar aghaidh dá bhrí sin le taoisigh Bhálác.
36 Nuair a chuala Bálác go raibh Balám tagtha, chuaigh sé amach ina choinne i dtreo Ár Mhóáb ag teorainn an Arnón, ar an imeall is sia ó bhaile den teorainn.
37 Dúirt Bálác le Balám: “Nár chuir mé teachtairí ag glaoch ort? Cén fáth nár tháinig tú chugam? An amhlaidh a mheas tú nach bhféadfainn, b’fhéidir, onóir a chaitheamh leat?”
38 D’fhreagair Balám Bálác: “Seo anseo anois agat mé! An bhfuil cead cainte ar bith agam leat anois? An focal a chuireann Dia i mo bhéal, sin é nach foláir dom a labhairt.”
39 D’imigh Balám ansin in éineacht le Bálác agus thángadar go Ciriat Huzót.
40 Mharaigh Bálác eallach agus caoirigh, agus thug sé codanna do Bhalám agus do na taoisigh a bhí in éineacht leis.
41 Lá ar na mhárach rug Bálác Balám suas go Bámót Bál agus ón áit sin bhí radharc aige ar an gcuid ba chongaraí den phobal.