Uimhreacha 23:1-30

23  Dúirt Balám le Bálác: “Tóg seacht n-altóirí anseo dom agus tabhair anseo chugam seacht dtarbh agus seacht reithe.”  Rinne Bálác mar a d’iarr Balám agus d’ofráil Bálác agus Balám tarbh agus reithe ar gach altóir.  Dúirt Balám ansin le Bálác: “Seas láimh le d’íobairt uileloiscthe. Rachaidh mé ar aghaidh; b’fhéidir go gceadóidh an Tiarna dom teagmháil leis. Cibé rud a nochtfaidh sé dom, inseoidh mé duit.” Ar aghaidh leis go barr maolchnoic.  Tháinig Dia i gcoinne Bhalám agus dúirt Balám leis: “Dheasaigh mé na seacht n-altóirí agus d’ofráil mé tarbh agus reithe ar gach altóir díobh ina n-íobairt loiscthe.”  Chuir an Tiarna ansin focal ina bhéal agus dúirt leis: “Ar ais leat go Bálác agus sin é a déarfaidh tú leis.”  Chuaigh Balám ar ais chuige agus b’shiúd é ansiúd é ina sheasamh ag a íobairt uileloiscthe agus taoisigh Mhóáb go léir ina thimpeall.  Ansin reac sé a laoi agus dúirt: “Thug Bálác leis mé ó Arám,rí Mhóáb ó shléibhte an oirthir.‘Tar agus cuir mallacht ar Iacób dom,agus déan aoir ar Iosrael.’  Conas is féidir dom mallacht a chur ar an té nár chuir Dia mallacht air?Conas is féidir dom aoir a dhéanamh ar an té nach ndearna Dia aoir air?  Feicim é ó bharr na sléibhte,agus ó mhaoileann na gcnoc a fhairim é:Pobal ag maireachtáil leo féin,nach n-áiríonn iad féin ar na ciníocha. 10  Cé d’fhéadfadh luaithreach Iacóib a ríomh?Cé d’fhéadfadh deannach shlua Iosrael a áireamh?Gurbh é bás an fhíréin mo bhás-sa!Gurbh í a gcríoch siúd mo chríochsa.” 11  Dúirt Bálác le Balám: “Cad é seo a rinne tú orm? Thug mé liom thú chun mallacht a chur ar mo naimhde, agus seo tú gan ar siúl agat ach ag cur beannachtaí orthu!” 12  D’fhreagair Balám: “Nach bhfuil sé de cheangal orm féachaint chuige a gcuireann an Tiarna i mo bhéal a labhairt?” 13  Dúirt Bálác leis: “Tar liom go láthair eile óna bhféadfaidh tú iad a fheiceáil. Níl radharc agat ón áit seo ach ar imeall an tslua seo, níl radharc agat orthu go léir. Cuir mallacht orthu ón áit sin thall.” 14  Thug sé leis é go Gort na Spiairí i dtreo mhullach Phisceá. Thóg sé seacht n-altóirí ansiúd agus d’ofráil sé tarbh agus reithe ar gach altóir. 15  Duirt Balám le Bálác: “Seas taobh le d’íobairt uileloiscthe; buailfear liomsa anseo thall.” 16  Tháinig Dia i gcoinne Bhalám agus chuir focal ina bhéal agus dúirt leis: “Ar ais leat go Bálác agus sin é a déarfaidh tú leis.” 17  Chuaigh Balám ar ais chuige agus b’shiúd é ansiúd é ina sheasamh ag a íobairt uileloiscthe agus taoisigh Mhóáb go léir ina thimpeall. Chuir Bálác ceist air: “Cad dúirt an Tiarna?” 18  Ansin reac Balám a laoi agus dúirt:“Éirigh, a Bhálác, agus éist!Tabhair cluas dom, a mhic Zipeor. 19  Ní duine é Dia go n-inseodh sé bréag,ná ní mac le hÁdhamh é go dtiocfadh ar mhalairt aigne.An dual dó ‘sea’ a rá, gan an beart a dhéanamh,a bhriathar a thabhairt, ach gan é a chomhlíonadh? 20  Seo mise le hordú orm beannacht a thabhairt;beannacht a thabharfaidh [mé] agus ní dhéanfaidh mé a chur ar ceal. 21  Ní fhaca mé urchóid in Iacób.Níor luigh mé súil ar chruatan in Iosrael.Tá an Tiarna a nDia faru, 22  Tugann Dia as an Éigipt amach iad;is cuma dóibh é nó adharca cama dhamh díleann. 23  Níl briocht in Iacób;ná tuar asarlaíochta in Iosrael.Fág go ndeir daoine le Iacób,agus go ndeir siad le hIosrael: ‘Cén t-iontas a rinne Dia?’ 24  seo pobal, amhail banleon ag éirí,ar tinneall mar leon ar tí léim,agus nach luíonn go n-alpann a chreach,agus go slogann fuil ar mharaigh sé.” 25  Dúirt Bálác le Balám: “Ná cuir mallacht orthu, más sea, ach ná cuir beannacht ach chomh beag.” 26  D’fhreagair Balám Bálác: “Ná dúirt mé leat, cibé rud a deir an Tiarna, go gcaithfidh mé rud a dhéanamh air?” 27  “Téanam más ea,” arsa Bálác le Balám, “béarfaidh mé go láthair eile thú. B’fhéidir gur toil le Dia iad a mhallú ón áit sin.” 28  Rug Bálác Balám go barr Pheór atá go hard os cionn an fhásaigh. 29  Ansin dúirt Balám le Bálác: “Tóg seacht n-altóirí anseo dom, agus tabhair anseo chugam seacht dtarbh agus seacht reithe.” 30  Rinne Bálác mar a d’iarr Balám agus d’ofráil tarbh agus reithe ar gach altóir.

Fonótaí