Uimhreacha 24:1-25

24  Nuair a chonaic Balám gur thoil leis an Tiarna beannacht a chur ar Iosrael, níor imigh sé, faoi mar a rinne roimhe sin, ar thóir tuartha, ach thug a aghaidh ar an bhfásach.  D’ardaigh Balám a shúile agus chonaic Iosrael suite ina gcampa, treibh ar threibh. Luigh spiorad Dé air  agus chan sé a laoi, agus dúirt:“Céalmhaine Bhalám mac Bheór,céalmhaine an té ar gruama é a radharc,  céalmhaine an té a chluineann briathar Dé.Feiceann sé a dtugann an tUilechumhachtach dó le feiceáil;faigheann sé freagra ó Dhia, agus osclaítear a shúile.  Nach álainn iad do bhothanna, a Iacóib!nach álainn iad d’áitribh, a Iosrael.  Is cuma iad nó gleannta a shíneann i gcéin,nó luibhghoirt ar insí abhann,nó crainn aló a chlannaigh an Tiarna,nó crainn chéadrais láimh leis na huiscí!  [Tá laoch ag eascar as a síolagus ag rialú ar chiníocha gan áireamh.]Is mó ná Agag a rí,agus uaisleofar a mhórgacht.  Tugann Dia as an Éigipt amach é;is cuma dó é nó adharca cama dhamh díleann.Alpann sé conablach a naimhde,agus déanann sé mionramh dá gcnámhaagus tollann iad lena shaigheada.  Chúb sé chuige, agus luigh,mar leon, mar bhanleon.Cé leomhfadh é chur ina shuí?Gura beannaithe lucht bhur mbeannaithe;gura mallaithe lucht bhur mallaithe.” 10  Tháinig reacht feirge ar Bhálác le Balám. Bhuail sé a bhosa ar a chéile agus dúirt le Balám: “Chuir mé fios ort chun mallacht a chur ar mo naimhde, agus seo anois beannacht curtha faoi thrí agat orthu! 11  Imigh ort abhaile. Gheall mé onóir a chaitheamh leat go cinnte, ach tá sin bainte díot ag an Tiarna.” 12  Thug Balám freagra ar Bhálác: “Ná dúirt mé leis na teachtairí a chuir tú chugam: 13  ‘Dá dtabharfadh Bálác lán a thí d’ór agus d’airgead dom, ní fhéadfainn briathar an Tiarna a shárú agus rud a dhéanamh as mo stuaim féin, cibé acu maith nó olc é; a ndeir an Tiarna, sin é a déarfaidh mé.’ 14  Anois ó táim ag filleadh ar mo mhuintir féin, lig dom rabhadh a thabhairt duit faoi cad a dhéanfaidh an mhuintir seo le do mhuintirse anseo amach.” 15  Ansin chan sé a laoi, agus dúirt:“Céalmhaine Bhalám mac Bheór,céalmhaine an té ar gruama é a radharc, 16  céalmhaine an té a chluineann briathar Dé,agus ar fios dó eolas an Té is Airde.Feiceann sé a dtugann an tUilechumhachtach dó le feiceáil;faigheann sé freagra ó Dhia, agus osclaítear a shúile. 17  Feicim é—ach ní anois é;faighim radharc air—ach ní láimh liom é:Faigheann réalta ó Iacób an cheannasaíocht;Éiríonn slat ríoga as Iosrael.Bascann sé malaí Mhóábagus cloigne uile chlann na geona. 18  Cuirtear Eadóm as seilbh,agus a naimhde, Saeír, mar an gcéanna, cuirtear as seilbh iad,agus cuireann Iosrael a neart i ngníomh. 19  Ceansaíonn Iacób a naimhde,agus scriosann sé na teifigh ó Ár.” 20  Ansin d’fhéach Balám ar Amáiléic agus chan a laoi agus dúirt:“Amáiléic a bhí ar thús na gciníocha,ach dísceofar a shliocht go brách.” 21  Ansin d’fhéach sé ar na Céinigh agus chan a laoi, agus dúirt:“Ba dhaingean é do theach, a Cháin,agus do nead suite go hard sa charraig. 22  Ach is le Beór an nead,agus an fada a bheidh tú sciobtha i do chime ag Aisiúr?” 23  [Ansin d’fhéach sé ar Óg] agus chan sé a laoi agus dúirt:“Tá lucht na farraige ag tóstal lastuaidh, 24  longa ó chóstaí Chitím.Cránn siad Aisiúr, cránn siad Éibir.Déanfar eisean chomh maith a dhísciú go brách.” 25  Ansin d’éirigh Balám, agus d’imigh leis abhaile. D’imigh Bálác leis chomh maith.

Fonótaí