Uimhreacha 25:1-18

25  Chuir Iosrael fúthu i Sitím, agus chrom na daoine ar striapachas a dhéanamh le hógmhná Mhóáb.  Thugadarsan cuireadh don phobal go féastaí a ndéithe, agus chaith an pobal an bia agus shléachtadar dá ndeithe.  Ghabh Iosrael faoi chuing Bhál Peór ar an gcuma sin agus las fraoch feirge an Tiarna ina n-aghaidh.  Dúirt an Tiarna le Maois: “Tóg ceannairí uile an phobail, agus caith le faill i lár an lae ghéigil ghil i bhfianaise an Tiarna iad; ansin iompóidh cuthach feirge an Tiarna ó Iosrael.”  Dúirt Maois leis na breithiúna in Iosrael: “Ní foláir do gach duine agaibh iad siúd dá mhuintir a chuaigh faoi chuing Bhál Peór a chur chun báis.”  Seo fear de chlann Iosrael ag gabháil an treo agus an bhean Mhidiánach á tabhairt isteach ina theaghlach aige, os comhair súile Mhaois agus chomhthionól uile chlann Iosrael agus iad ag lógóireacht ag doras Bhoth na Teagmhála.  Píneachás mac Eileázár mhic Árón, an sagart, nuair a chonaic sé é sin, d’éirigh sé, d’fhág an comhthionól, agus rug ar shleá,  agus chuaigh ar tí an Iosraelaigh isteach sa seomra cúil agus sháigh sé an tsleá go feirc sa bhléin iontu araon, an tIosraelach fir agus an bhean. Stad an phlá a bhuail clann Iosrael ar an gcaoi sin.  Bhí ceithre mhíle fichead marbh den phlá cheana féin, dá ainneoin sin. 10  Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 11  “Píneachás, sagart, mac Eileázár mhic Árón, chuir sé mo chuthach de chlann Iosrael, óir is aige amháin a bhí dúthracht mar mo dhúthrachtsa; uime sin níor scrios mé clann Iosrael de bharr mo dhúthrachta. 12  Fógair é seo dá bhrí sin: ‘Seo mé ag bronnadh mo chonradh mar chúiteamh airsean; 13  agus beidh sé in chonradh sagartachta síoraí aigesean agus ag a shliocht dá éis, óir bhí dúthracht aige i mbun a Dhé, agus rinne sé leorghníomh do phobal Iosrael.’” 14  An tIosraelach a maraíodh—an té úd is é sin a maraíodh leis an mbean Mhidiánach—Zimrí mac Sálú a ba ainm dó, ceannaire ar theaghlach sinseartha de chuid Shímeon. 15  An Midiánach mná a maraíodh, Cozbaí iníon Zúr—taoiseach sleachta, teaghlach sinseartha i Midián—a ba ainm di. 16  Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 17  “Buair na Midiánaigh agus buail iad. 18  Óir bhuair siad thú lena gcluain i ngnó Pheór, agus i ngnó Chozbaí a siúr, iníon taoisigh i Midián, an bhean a maraíodh an lá a bhuail an phlá de bharr Pheór.”

Fonótaí