Uimhreacha 27:1-23

27  Tháinig chun tosaigh iníonacha Zalofachád mac Héifir, mac Ghileád, mac Mháicír, mac Mhanaise; bhain sé le sleachta Mhanaise, mac Iósaef. Ba iad seo ainmneacha a iníonacha: Machlá agus Noá, agus Hoglá agus Milceá agus Tirzeá.  Sheasadar i láthair Mhaois agus Eileázár an sagart, agus i láthair na gceannairí agus an chomhthionóil ag doras Bhoth na Teagmhála, agus dúirt:  “Fuair ár n-athairne bás san fhásach; níor bhain sé leis an dream a bhí i gcogar ceilge in aghaidh an Tiarna, complacht Chorach; fuair sé bás de bharr a pheaca féin gan clann mhac air.  Cén fáth go gcaillfí ainm ár n-athar ar a fhine? Ó bhí sé gan mhac, tabhair sealúchas éigin dúinne i measc a bhráithre gaoil.”  Chuir Maois a gcúis i láthair an Tiarna.  Dúirt an Tiarna le Maois:  “Tá an ceart ag iníonacha Zalofachád; tabhair seilbh dóibh ar oidhreacht i measc bhráithre gaoil a n-athar, agus fág oidhreacht a n-athar fúthu.  Agus abair le clann Iosrael: ‘Má fhaigheann duine bás gan mhac, ansin téadh a oidhreacht chun a iníne.  Mura mbíonn iníon aige, téadh a oidhreacht chun a dheartháireacha. 10  Mura mbíonn deartháireacha aige, téadh a oidhreacht chun deartháireacha a athar. 11  Mura mbíonn deartháireacha ag a athair, téadh a oidhreacht chun an té is goire gaol dó ar a fhine; bíodh sí aige. Bíodh sin mar reacht agus mar dhlí ag clann Iosrael, mar a d’ordaigh an Tiarna do Mhaois.’” 12  Dúirt an Tiarna le Maois: “Suas leat faoin sliabh seo Abáraím agus féach uait ar an bhfearann atá tugtha agam do chlann Iosrael. 13  Nuair a bheidh lán do shúl faighte agat de, cruinneofar thú chun do mhuintire, dála Árón do dheartháir. 14  Óir nuair a bhí an pobal ag monabhar i m’aghaidh, rinne sibh araon ceannairc i bhfásach Zin in aghaidh m’ordú daoibh mo naofacht a fhoilsiú os comhair a súl de bhíthin an uisce.” (Uisce Mhiríbeá Cháidéis i bhfásach Zin atá i gceist.) 15  Dúirt Maois leis an Tiarna: 16  “Go gcuire an Tiarna, Dia na spiorad, a chuireann anam san uile dhúil bheo, fear i gceannas an chomhthionóil, 17  fear a rachaidh rompu ag dul amach dóibh agus ag teacht isteach, fear a sheolfaidh amach iad agus a sheolfaidh isteach iad, i dtreo nach mbeadh comhthionól an Tiarna mar chaoirigh gan aoire.” 18  Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Tóg Iósua mac Nún, fear ina lonnaíonn an spiorad, agus leag do lámha air; 19  ansin beir leat é i láthair Eileázár, an sagart, agus i láthair an chomhthionóil go léir, agus tabhair d’orduithe dó ina láthair. 20  Roinn cuid de d’údarás leis d’fhonn go ngéillfeadh comhthionól uile chlann Iosrael dó. 21  Seasadh sé i láthair Eileázár an sagart, agus déanadh seisean ceistiú ina thaobh i láthair an Tiarna de réir ghnás an Úirím. De réir a fhocail a rachaidh siad amach, agus de réir a fhocail a thiocfaidh siad isteach—sea eisean agus clann Iosrael fairis, an comhthionól go léir.” 22  Rinne Maois mar a d’ordaigh an Tiarna. Rug sé leis Iósua agus chuir é faoi bhráid Eileázár agus an chomhthionóil go léir. 23  Leag sé a lámha air agus thug orduithe dó mar a d’aithin an Tiarna trí Mhaois.

Fonótaí