Zacairia 1:1-21

1  San ochtú mí den dara bliain de réimeas Dháire labhraíodh briathar an Tiarna leis an bhfáidh Zacairia, mac Bharaicia, mhic Ideo, mar a leanas:  “Bhí fearg mhór ar an Tiarna le bhur n-aithreacha.  Dá bhrí sin abair leis an bpobal: ‘Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua. Filligí orm, a deir Tiarna na Slua, agus fillfidh mise oraibhse, a deir Tiarna na Slua.  Ná bígí cosúil le bhur n-aithreacha ar thug na fáithe tosaigh foláireamh dóibh, á rá: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: Filligí ó bhur ndrochbhealaí agus ó bhur ndrochghníomhartha. Ach níor éist siad liom ná níor thug siad aird ar bith orm, a deir an Tiarna.  Cá bhfuil bhur n-aithreacha anois? Agus na fáithe, an bhfanann siadsan beo i gcónaí?  Ach na rabhaidh agus na reachtanna ar chuir mé a gcúram ar mo sheirbhísigh, na fáithe, nár cuireadh i gcrích ar bhur n-aithreacha iad? Dá thoradh sin rinne siad aithrí agus dúirt siad: Thug Tiarna na Slua íde orainn de dheasca ár mbealaí agus ár ngníomhartha faoi mar a bhí beartaithe aige a dhéanamh.’”  Ar an gceathrú lá is fiche den aonú mí déag, is é sin le rá, de mhí Shabát, den dara bliain de réimeas Dháire, labhraíodh briathar an Tiarna le Zacairia, mac Bharaicia, mhic Ideo, mar a leanas:  “Bhí fís agam san oíche. Is amhlaidh a chonaic mé fear ar mhuin capaill rua agus é ina sheasamh i measc na gcrann miortail a bhí sa ghleann. Taobh thiar de bhí capaill rua agus capaill dhonnrua agus capaill bhána.  ‘Cad iad seo, a dhuine uasail?’ arsa mise. ‘Taispeánfaidh mé duit cad iad,’ arsa an t-aingeal a bhí ag caint liom. 10  Ansin chuir an fear a bhí ina sheasamh i measc na gcrann miortail isteach ar an gcomhrá agus dúirt: ‘Is iad seo an dream a chuir an Tiarna amach uaidh chun dul anonn agus anall tríd an domhan.’ 11  Thug siadsan an tuairisc seo d’aingeal an Tiarna a bhí ina sheasamh i measc na gcrann miortail, á rá: ‘Táimid tar éis cuairt an domhain a thabhairt agus tá an domhan go léir faoi shuaimhneas agus faoi shíocháin.’ 12  Dúirt aingeal an Tiarna ansin: ‘A Thiarna na Slua, cá fhad eile a bheidh tú gan trua a ghlacadh do Iarúsailéim agus do chathracha Iúdá, a bhfuil tú i bhfeirg leo le seachtó bliain anuas?’ 13  D’fhreagair an Tiarna an t-aingeal a bhí ag caint liom le briathra cneasta sólásacha. 14  Mar sin de dúirt an t-aingeal a bhí ag caint liom: ‘Fógair é seo: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua. Tá teasghrá éadmhar agam do Iarúsailéim agus do Shíón; 15  ach tá fearg an-mhór ar fad orm leis na náisiúin dhíomasacha; mar cé nach raibh ach fearg bheag orm, chuaigh siadsan thar fóir leis an olc a rinne siad. 16  Ar an ábhar sin labhraíonn an Tiarna mar seo: Tá mé tar éis filleadh ar Iarúsailéim le barr trua di. Atógfar mo Theampall inti, a deir Tiarna na Slua, agus sínfear an dorú tomhais thar Iarúsailéim. 17  Fógair é seo freisin: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: Níor tháinig rath go fóill ar mo chathracha, ach tabharfaidh an Tiarna sólás do Shíón athuair agus déanfaidh sé rogha de Iarúsailéim aon uair amháin eile.’” 18  [2:1] D’ardaigh mé mo shúile agus cad a chonaic mé ach ceithre adharc. 19  [2:2] “Cad iad seo?” arsa mise leis an aingeal a bhí ag caint liom. “Is iad seo na hadharca atá tar éis Iúdá agus Iosrael agus Iarúsailéim a scaipeadh,” ar seisean liom. 20  [2:3] Ansin thaispeáin an Tiarna ceathrar gaibhne dom. 21  [2:4] “Cad chuige a bhfuil siad seo ag teacht?” arsa mise. “Tá na hadharca úd tar éis Iúdá a scaipeadh sa chaoi nach bhfuil tógáil a chinn ag duine ar bith,” ar seisean liom, do mo fhreagairt, “ach tá na gaibhne seo tagtha chun scanradh a chur orthu; leagfaidh siad ar lár adharca na náisiún a d’ardaigh a n-adharca os cionn mhuintir Iúdá chun iad a scaipeadh.”

Fonótaí