Zacairia 2:1-13

2  [2:5] D’ardaigh mé mo shúile agus chonaic mé fís eile. Is amhlaidh a bhí fear a raibh dorú tomhais ina láimh aige le feiceáil agam.  [2:6] “Cá bhfuil tú ag dul?” arsa mise leis. “Chun Iarúsailéim a thomhas,” ar seisean liom, “féachaint cad é a leithead agus a fad.”  [2:7] Ansin d’fhan an t-aingeal a bhí ag caint liom ina sheasamh agus tháinig aingeal eile chuige  [2:8] agus dúirt sé leis: “Rith leat agus abair leis an ógánach sin go gcaithfear Iarúsailéim a fhágáil gan bhallaí mar gheall ar oll-líon na ndaoine agus na mbeithíoch a bheidh inti.  [2:9] ‘Óir beidh mise thart timpeall uirthi mar bhalla tine,’ a deir an Tiarna, ‘agus beidh mé mar ghlóir di ina lár.’”  [2:10] Hóigh! Hóigh! Teithigí ón tír thuaidh,a deir an Tiarna,óir táim tar éis sibhse a scaipeadhfaoi cheithre aird na cruinne, a deir an Tiarna.  [2:11] Hóigh!, a Shíón, sábháil thú féin,tusa a chonaíonn sa Bhablóin;  [2:12] Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua,an té a chuir uaidh mé tar éis dom a ghlóir a fheiceáil,i dtaobh na náisiún a rinne slad oraibh:—óir aon duine a bhaineann libhse,baineann sé le himreasc a shúile—  [2:13] Féach, táim ag bagairt mo dhoirn ina n-aghaidh,agus déanfaidh a gcuid sclábhaithe slad orthu.Beidh a fhios agaibhse ansingurbh é Tiarna na Slua a chuir uaidh mé. 10  [2:14] Abair amhrán agus déan gairdeas,a iníon Shíón;óir, féach, táimse ag teachtchun cónaí a dhéanamh i do lár, a deir an Tiarna. 11  [2:15] Ceanglófar a lán náisiún leis an Tiarna an lá sin;beidh siad ina bpobal aige,agus cónóidh sé in bhur measc,agus aithneoidh tú gurbh é Tiarna na Sluaa chuir chugat mé. 12  [2:16] Ach beidh seilbh ag an Tiarna ar Iúdá,mar a chomhroinn féin sa talamh naofa,agus déanfaidh sé rogha de Iarúsailéim athuair. 13  [2:17] Bíodh gach duine ina thost i láthair an Tiarna;óir, tá sé ag éirí chun teacht amach as a áitreabh naofa.

Fonótaí