Zacairia 3:1-10

3  Ansin thaispeain sé dom an t-ardsagart Iósua agus é ina sheasamh os comhair aingeal an Tiarna. Bhí an tÁibhirseoir ina sheasamh ar a láimh dheas chun é a chúiseamh.  Dúirt aingeal an Tiarna leis an Áibhirseoir: “Go dtuga an Tiarna achasán duit, a Áibhirseoir! Go dtuga an Tiarna, a rinne rogha de Iarúsailéim, achasán duit! Nach aibhleog a sciobadh ón tine an fear seo?”  Is amhlaidh a bhí Iósua gléasta in éadaí salacha agus é ina sheasamh os comhair an aingil.  Thug an t-aingeal an t-ordú seo a leanas dá lucht freastail: “Bainigí na héadaí salacha de.” Dúirt sé le Iósua ansin: “Féach, conas mar atá mé tar éis do chuid urchóide a thógáil díot agus gléasfaidh mé thú in éadaí taibhseacha.”  “Cuirigí ceannbheart glan ar a cheann,” ar seisean ansin. Chuir siad an ceannbheart glan ar a cheann agus ghléas siad é sna héadaí. Lena linn sin bhí aingeal an Tiarna ina sheasamh in aice láimhe.  Thug aingeal an Tiarna an dearbhú seo a leanas do Iósua ansin:  “Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: ‘Má shiúlann tú de réir mo bhealaí, agus m’aitheanta a choimeád, is tusa a riarfaidh mo Theampall agus a chosnóidh mo chúirteanna, agus tabharfaidh mé cead duit caidreamh a dhéanamh leo siúd atá ina seasamh anseo.  Éist, mar sin, a Iósua, a ardsagairt—tú féin agus do chompánaigh atá ina suí os do chomhair—óir, is fir dhea-thuair sibh. Is amhlaidh atáimse chun tabhairt ar mo sheirbhíseach, an Beangán, teacht.  Seo í an chloch atáimse a chur ar Iósua; tá seacht ngrua ar an aon chloch amháin seo agus greanfaidh mé féin an inscríbhinn uirthi, a deir Tiarna na Slua, agus glanfaidh mé urchóid na tíre seo di in aon lá amháin. 10  An lá sin, a deir Tiarna na Slua, tabharfaidh gach duine agaibh cuireadh dá chomharsa teacht agus suí síos faoina fhíniúin agus faoina chrann fígí féin.’”

Fonótaí