Zacairia 8:1-23

8  Labhraíodh briathar Thiarna na Slua liom mar a leanas:  Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Tá teasghrá éadmhar agam do Shíón,a mhúsclaíonn tocht díograise ionam di.”  Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Fillfidh mé ar Shíónagus déanfaidh mé cónaí i lár Iarúsailéim.Glaofar an Chathair Dhílis ar Iarúsailéim,Sliabh Thiarna na Slua, an Sliabh Naofa.”  Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Beidh seanfhir agus seanmhná ina suí arísi gcearnóga Iarúsailéim;beidh bata ag gach duine díobh ina láimhde dheasca a sheanaoise.  Agus beidh cearnóga na cathrachlán de bhuachaillí agus de chailíníagus iad ag súgradh iontu.”  Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Más geall le míorúilt é seole hiarmhar an phobail seo sna laethanta sin,an gá gurb ionadh liomsa é?”—a deir Tiarna na Slua.  Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Sábhálfaidh mé mo phobalón domhan thoir agus ón domhan thiar.  Tabharfaidh mé ar ais iadchun cónaí a dhéanamh in Iarúsailéim.Beidh siad ina bpobal agamsaagus beidh mise i mo Dhia acusango dílis agus go cóir.”  Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Músclaígí bhur misneach,sibhse atá ag éisteacht sna laethanta seoleis na briathra seo ó bhéal na bhfáitheatá ag déanamh tairngreachta,ón lá ar leagadh bunsraith theach Thiarna na Slua,ionas go n-atógfaí an Teampall. 10  Óir, roimh na laethanta seoní raibh luach saothair le fáil ag fear nó ag ainmhí,agus, mar gheall ar a chuid naimhde,ní raibh sábháilteacht ar bith ann do dhuineagus é ag dul i mbun a ghnó;mar bhí mé tar éis an uile dhuinea chur in aghaidh a chomharsan. 11  Ach anois ní chaithfidh méle hiarmhar an phobail seofaoi mar a chaith mé leo tráth,”a deir Tiarna na Slua. 12  “Beidh rath agus bláth ar a síol;tabharfaidh an fhíniúin a caoraagus an talamh a thorthaí;fearfaidh na spéartha a ndrúcht,agus cuirfidh mé iarmhar an phobail seoi seilbh na maitheasaí seo go léir. 13  Faoi mar ba mhallacht sibh tráth i measc na náisiún,a theaghlaigh Iúdá agus a theaghlaigh Iosrael,sin mar a shábhálfaidh mé sibhnó go mbeidh sibh in bhur n-ábhar beannachtaí dóibh;ná bíodh aon eagla oraibh mar sinach músclaígí bhur misneach.” 14  Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Faoi mar a bheartaigh médochar a dhéanamh daoibhnuair a chuir bhur n-aithreacha fearg orm,”a deir Tiarna na Slua,“agus nár tháinig aithreachas ar bith orm faoi, 15  sin mar atá sé beartaithe agam athuairrath a chur ar Iarúsailéimagus ar theaghlach Iúdá sna laethanta seo.Ná bíodh eagla oraibh. 16  Is iad seo na haitheanta atá le comhlíonadh agaibh:labhraíodh gach duine an fhírinne lena chomharsa;ag bhur ngeataí tugaigí fíorbhreithiúnais,a bhuanóidh an tsíocháin eadraibh; 17  ná beartaíodh aon duine agaibholc ina chroí in aghaidh a chomharsan;agus ná bígí tugtha do mhionnaí bréige;óir, is fuath liom na nithe sin go léir,”a deir an Tiarna. 18  Labhraíodh briathar an Tiarna liom mar a leanas: 19  Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Beidh troscadh an ceathrú agus an cúigiúagus an seachtú agus an deichiú míina n-ábhar áthais agus lúcháireagus ina bhféilte aoibhnis do theaghlach Iúdá.Dá bhrí sin, gráigí an fhírinne agus an tsíocháin.” 20  Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Tiocfaidh ciníocha eile fós, áitritheoirí cathracha móra. 21  Agus rachaidh áitritheoirí cathrach amháingo ceann eile, á rá: ‘Téimis láithreachchun impí a dhéanamh ar an Tiarnaagus chun Tiarna na Slua a lorg.Táimse féin ag dul.’ 22  Tiocfaidh mórán ciníocha agus náisiún tréanchun Tiarna na Slua a lorg in Iarúsailéimagus chun impí a dhéanamh ar an Tiarna.” 23  Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:“Sna laethanta sin béarfaidh deichniúr fearas gach náisiún a bhfuil a theanga féin aige,greim ar chiumhais róba gach Giúdaigh, á rá:‘Lig dúinn dul in éineacht leat.óir chualamar go bhfuil Dia in bhur dteannta.’”

Fonótaí