Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Glóir Go Deo Do Iehova

Glóir Go Deo Do Iehova

(Salm 96:8)

Íoslódáil:

  1. 1. Cé is cosúil leat Iehova?

    An bhuaic go hard ós cionn cách.

    Ní chúiteoidh mé leat go deo é

    An buanghrá a thaispeáin tú dom.

    Feicim do mhaorgacht sna spéartha

    Cumhacht agus glóir tá siad ann.

    Céard is fiú mé a Iehova,

    Go mbronnfá do ghnaoi ormsa?

    (CÓRAS)

    Éist liom a Dhé, is canfaidh mé ó chroí.

    Le mo bheola molaim thú.

    Is tú mó Dhé, is Rí na Síoraíochta,

    Tugaim duit an méid is dual;

    Tugaim duit an glóir go deo.

  2. 2. Duitse a mhairim Iehova

    Go mola mé thú go deo.

    Labhróidh mé ‘mach faoi do mhaitheas

    Ag craobhscaoileadh gradam do ghlóir.

    Freastal ar Ard Rí na Glóire,

    Bród agus onóir im chroí.

    Is tú mo neart chun do ghlóire,

    Go dtreoraí tú mé go síoraí.

    (CÓRAS)

    Éist liom a Dhé, is canfaidh mé ó chroí.

    Le mo bheola molaim thú.

    Is tú mó Dhé is Rí na Síoraíochta,

    Tugaim duit an méid is dual;

    Tugaim duit an glóir go deo.

  3. 3. Meallann an ghealach na taoidí,

    Lasann na réalta an oí’,

    Saothar do lámh iontach éachtach

    Cúis ionadh is lúcháir mo chroí.

    Maorgacht, sar-áilleacht, is eagna:

    Feicim na nithe seo romham.

    Ós tú a chruthaigh gach aon ní

    D’od ghlóiriú Iehova mo mhian.

    (CÓRAS)

    Éist liom a Dhé, is canfaidh mé ó chroí.

    Le mo bheola molaim thú.

    Is tú mó Dhé is Rí na Síoraíochta,

    Tugaim duit an méid is dual;

    Tugaim duit an glóir go deo.

(Féach freisin Salm 96:1-10; 148:3, 7.)