CEACHT 8
Bhí Cairde Maithe ag Ióisíá
Meas tú an bhfuil sé deacair an rud atá ceart a dhéanamh?— Ceapann formhór na ndaoine go bhfuil. De réir an Bhíobla, bhí sé thar a bheith deacair ag buachaill darbh ainm Ióisíá an rud ceart a dhéanamh. Ach bhí cairde maithe aige a chabhraigh leis. Cuirfimid aithne le chéile ar Ióisíá agus ar a chairde.
Ba é Ámón, rí Iúdá, athair Ióisíá. Drochdhuine a bhí in Ámón agus bhíodh sé ag adhradh na n-íol. Nuair a bhásaigh a athair tháinig Ióisíá i gcomharbas air, mar rí ar Iúdá. Ní raibh sé ach ocht mbliana d’aois! Ar dhrochdhuine a bhí ann cosúil lena athair, meas tú?— Níorbh ea!
Fiú agus é an-óg, bhí Ióisíá ag iarraidh toil Iehova a dhéanamh. Sin é an fáth ar bheartaigh sé nach mbeadh de chairde aige ach iad siúd a raibh grá acu do Iehova. Thug siadsan cabhair do Ióisíá leis an rud ceart a dhéanamh. Cérbh iad cuid de chairde Ióisíá?
Ba dhuine dá chairde é Zafainiá. Fáidh a bhí i Zafainiá a chuir fainic ar mhuintir Iúdá go dtarlódh drochrudaí dóibh dá mbeidís
ag adhradh na n-íol. D’éist Ióisíá le Zafainiá agus thug sé adhradh do Iehova, ní do na híola.Ba dhuine eile de chairde Ióisíá é Irimia. Bhí sé thart ar an aois chéanna le hIóisíá, agus chónaigh siad in aice lena chéile nuair a bhí siad óg. De bharr an dlúthchairdis a bhí eatarthu chum Irimia amhrán speisialta ag caoineadh Ióisíá nuair a fuair sé bás. Thug Irimia agus Ióisíá cabhair dá chéile an rud a bhí ceart a dhéanamh agus a bheith umhal do Iehova.
Thug Ióisíá agus Irimia cabhair dá chéile leis an rud ceart a dhéanamh
Céard atá le foghlaim agatsa ó Ióisíá?— Fiú agus é ina bhuachaill beag, bhí sé ag iarraidh an rud ceart a dhéanamh. Bhí a fhios aige nár cheart a bheith de chairde aige ach daoine a raibh grá acu do Iehova. Déan cinnte go roghnóidh tusa cairde a bhfuil grá acu do Iehova agus atá in ann cabhair a thabhairt duit an rud atá ceart a dhéanamh!