CEACHT 2
Bhí Ribeacá ag Iarraidh Iehova a Shásamh
Ba bhean í Ribeacá a raibh grá aici do Iehova. Íosác an t-ainm a bhí ar a fear céile. Bhí grá aigesean do Iehova freisin. Cén chaoi ar casadh Íosác agus Ribeacá ar a chéile? Cén chaoi ar thaispeáin sí go raibh sí ag iarraidh Iehova a shásamh? Ar dtús, cuirfimid aithne ar a fear céile, Íosác.
Ba iad Abrahám agus Sárá tuismitheoirí Íosác. Bhí cónaí orthu i dtír Chanán, áit nach raibh na daoine ag adhradh Iehova. Ach bhí Abrahám ag iarraidh go bpósfadh a mhac bean a bhí ag adhradh Iehova. Mar sin chuir sé a shearbhónta, Eilíeizir is dócha, chun bean chéile a fháil d’Íosác in áit darbh ainm Hárán, áit a raibh gaolta le hAbrahám ina gcónaí.
Bhuail Eilíeizir bóthar agus searbhóntaí eile de chuid Abrahám ina chuideachta. Turas an-fhada a bhí ann. Thug siad leo deich gcamall chun bia agus bronntanais a iompar. Cén chaoi a mbeadh a fhios ag Eilíeizir cé hí an bhean cheart le roghnú d’Íosác? Nuair a shroich Eilíeizir agus na searbhóntaí eile Hárán, sheas siad ag tobar mar bhí a fhios ag Eilíeizir nach mbeadh sé i bhfad go dtiocfadh mná chun uisce a fháil. Ghuigh sé chuig Iehova agus dúirt sé: ‘Má iarraim ar bhean óg uisce a thabhairt dom, agus go dtugann sí uisce dom féin agus do mo chamaill, beidh a fhios agam gurb í seo an bhean atá roghnaithe agat.’
Ansin tháinig Ribeacá go dtí an tobar. De réir an Bhíobla b’ógbhean an-dathúil a bhí inti. D’iarr Eilíeizir deoch uisce uirthi agus dúirt sí: ‘Cinnte. Tabharfaidh mé uisce duitse agus gheobhaidh mé uisce do na camaill freisin.’ Smaoinigh ar seo! Ólann camaill a bhfuil tart orthu go leor leor uisce, mar sin bhí ar Ribeacá rith go dtí an tobar arís agus arís eile. An bhfeiceann tú sa phictiúr cé chomh crua is atá sí ag obair?— Bhí iontas ar Eilíeizir faoin mbealach a d’fhreagair Iehova a phaidir.
Thug Eilíeizir go leor bronntanais dheasa do Ribeacá. Thug sí cuireadh chuig teach a hathar d’Eilíeizir agus na searbhóntaí eile. Mhínigh Eilíeizir an fáth ar chuir Abrahám chucu é agus an chaoi a d’fhreagair Iehova a phaidir. Bhí a muintir sásta cead a thabhairt do Ribeacá Íosác a phósadh.
Chuaigh Ribeacá go Canán in éineacht le hEilíeizir agus phós sí Íosác
Ach meas tú an raibh Ribeacá ag iarraidh Íosác a phósadh?— Bhí a fhios ag Ribeacá gurbh é Iehova a chuir Eilíeizir chucu. Mar sin, nuair a d’fhiafraigh muintir Ribeacá di an raibh sí sásta dul go Canán chun Íosác a phósadh, dúirt sí: ‘Tá mé sásta.’ Díreach ina dhiaidh sin, d’imigh sí in éineacht le hEilíeizir. Nuair a shroich siad Canán, phós sí Íosác.
Faoi go ndearna Ribeacá an rud a bhí Iehova ag iarraidh uirthi, thug Iehova aire di. Rugadh Íosa blianta fada ina dhiaidh sin, mar shliocht ar Ribeacá! Má shásaíonn tusa Iehova, mar a rinne Ribeacá, tabharfaidh sé aire duitse freisin.