CEACHT 7
An mBíonn Uaigneas nó Faitíos Ort Riamh?
Féach ar an mbuachaill beag sa phictiúr. Tá an chosúlacht air go bhfuil uaigneas agus faitíos air, nach bhfuil? Ar mhothaigh tusa mar sin riamh?— Mothaíonn gach duine mar sin anois agus arís. Déanann an Bíobla cuir síos ar chairde le Iehova a raibh uaigneas agus faitíos orthu freisin. Bhí Éilias ar dhuine acu sin. Cuirimis aithne air anois le chéile.
I bhfad ó shin, sular rugadh Íosa, mhair Éilias in Iosrael. Ní raibh Acháb, rí Iosrael, ag adhradh an Fhíor-Dhia, Iehova. Bhí Acháb agus a bhean Ízeibil, ag tabhairt adhradh don dia bréige, Bál. Mar sin, thosaigh formhór na ndaoine in Iosrael ag tabhairt adhradh do Bhál freisin. Bhí an Bhanríon Ízeibil an-ghránna agus bhí sí ag iarraidh na daoine ar fad a bhí ag adhradh Iehova a mharú—Éilias san áireamh! An bhfuil a fhios agat céard a rinne Éilias?—
Theith sé! Chuaigh sé amach i bhfad sa bhfásach agus chuaigh sé i bhfolach i
bpluais. Meas tú cén fáth a ndearna sé é sin?— Bhí faitíos air. Ach níor ghá d’Éilias faitíos a bheith air. Cén fáth? Mar bhí a fhios aige go raibh Iehova in ann cabhrú leis. Thaispeáin Iehova a chumhacht d’Éilias cheana. Uair amháin, chaith Iehova tine anuas ó neamh mar fhreagra ar ghuí a rinne Éilias. Mar sin, go cinnte, bhí Iehova in ann cabhrú le hÉilias anois!Le linn dó a bheith istigh sa phluais, labhair Iehova leis agus d’fhiafraigh sé de: ‘Céard atá tú ag déanamh anseo?’ D’fhreagair Éilias: ‘Is mise an t-aon duine amháin atá fós ag tabhairt adhradh duit. Tá mé asam féin, agus tá faitíos orm go marófar mé.’ Cheap Éilias go raibh gach duine eile d’adhraitheoirí Iehova maraithe. Ach dúirt Iehova le hÉilias: ‘Níl sé sin fíor. Tá 7,000 duine eile ann atá fós do m’adhradh. Bíodh misneach agat. Tá tuilleadh oibre agam duit!’ Meas tú an raibh Éilias sásta é sin a chloisteáil?—
Céard is féidir leatsa a fhoghlaim ó gach a tharla d’Éilias?— Ní gá uaigneas ná faitíos a bheith ort riamh. Tá cairde agat a bhfuil grá acu do Iehova agus duitse. Chomh maith leis sin, tá Iehova an-chumhachtach agus cabhróidh sé leat i gcónaí! An bhfuil ríméad ort go bhfuil a fhios agat nach bhfuil tú asat féin riamh?—