Ná bac leis seo

Ar Mhaith Leat Fios a Bheith Agat Ar An bhFírinne?

Ar Mhaith Leat Fios a Bheith Agat Ar An bhFírinne?

AN FHÍRINNE faoi chéard? Faoi chuid de na ceisteanna is tábhachtaí dár cuireadh riamh. B’fhéidir gur smaoinigh tú féin ar na ceisteanna seo a leanas:

  • An bhfuil cion ag Dia orainne?

  • An dtiocfaidh deireadh go deo le cogadh agus le fulaingt?

  • Céard a tharlaíonn dúinn nuair a fhaighimid bás?

  • An bhfuil aon dóchas ann do na mairbh?

  • Cén chaoi ar féidir liom guí le go dtabharfaidh Dia cluas dom?

  • Cén chaoi ar féidir liom suaimhneas a fháil sa saol?

Cén áit a dtiocfá ar fhreagraí na gceisteanna seo? Gheobhaidh tú na mílte leabhar nó suíomh idirlín a mhaíonn go bhfuil freagraí na gceisteanna seo acu. Is minic, áfach, go mbréagnaíonn leabhar amháin leabhar eile. Bíonn an chuma ar chuid eile go mbíonn siad cruinn ag an am, ach téann siad as dáta go luath nó déantar ceartúchán orthu.

Tá leabhar amháin ann a fhreagraíonn na ceisteanna seo go muiníneach. Is leabhar fírinne é. Dúirt Íosa Críost le Dia i bpaidir: “Is fírinne do bhriathar.” (Eoin 17:17) Is é an Bíobla Naofa an leabhar fírinne sin. Tugann an bhileog seo gearrfhéachaint ar na freagraí soiléire a thugann an Bíobla ar na ceisteanna thuas.

An Bhfuil Cion ag Dia Orainne?

CÉN FÁTH AN CHEIST? Maireann muid i saol ina bhfuil cruálacht, éagóir agus leatrom forleathan. Múineann formhór na reiligiún gurb é toil Dé is cúis leis an bhfulaingt atá sa saol.

CÉARD A MHÚINEANN AN BÍOBLA? Ní hé Dia foinse an oilc. Deir Iób 34:10 “Is fada ó Dhia an choirpeacht agus an éagóir ón Uilechumhachtach.” Tá cuspóir grámhar ag Dia don chine daonna. Sin é an fáth gur mhúin Íosa Críost le guí mar seo: “Ár nAthair, atá ar neamh, . . . go dtaga do ríocht; go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.” (Matha 6:9, 10) Tá grá chomh mór sin ag Dia dúinn nár fhág sé aon ní ar lár lena chuspóir a thabhairt chun críche.—Eoin 3:16.

Féach Geineasas 1:26-28; Séamas 1:13; agus 1 Peadar 5:6, 7.

An dTiocfaidh Deireadh go Deo le Cogadh agus le Fulaingt?

CÉN FÁTH AN CHEIST? Tá slad á dhéanamh ag cogadh ar an gcine daonna i gcónaí. Níl duine againn nach dtéann trí fhulaingt sa saol seo.

CÉARD A MHÚINEANN AN BÍOBLA? Geallann Dia dúinn go mbeidh síocháin ar fud an domhain. Faoi Ríocht Dé, rialtas lonnaithe sna flaithis, ‘ní chleachtfaidh daoine cogadh níos mó.’ Ina áit sin “buailfidh siad a gclaimhte amach ina soic chéachta.” (Íseáia 2:4) Cuirfidh Dia deireadh le gach uile éagóir, fulaingt agus leatrom. Geallann Dia sa Bhíobla: “Glanfaidh sé gach deoir óna súile, agus ní bheidh an bás ann feasta, ná ní bheidh caoineadh ná olagón ná pian ann a thuilleadh, óir tá an seansaol thart.”—Apacailipsis 21:3, 4.

Féach Salm 37:10, 11; 46:10; agus Míocá 4:1-4.

Céard a Tharlaíonn Dúinn Nuair a Fhaighimid Bás?

CÉN FÁTH AN CHEIST? Múineann formhór reiligiúin an domhain go bhfuil rud éigin istigh sa duine a leanann air ag maireachtáil tar éis a bháis. Tá roinnt daoine a chreideann go bhfuil na mairbh in ann dochar a dhéanamh don bheo. Tá dream eile ann a chreideann go ndaorann Dia drochdhaoine chun crá síoraí i dtinte ifrinn.

CÉARD A MHÚINEANN AN BÍOBLA? Ag uair a bháis ní ann don duine níos mó. Deir Cóheilit 9:5 “níl eolas dá laghad ag na mairbh.” Ós rud é nach bhfuil mothú sna mairbh ní féidir leo leas ná dochar a dhéanamh don bheo.—Salm 146:3, 4.

Féach Geineasas 3:19 agus Cóheilit 9:6, 10.

An Bhfuil Aon Dóchas Ann do na Mairbh?

CÉN FÁTH AN CHEIST? Ba mhaith linn maireachtáil, agus sásamh a bhaint as an saol leo siúd atá gar dár gcroí. Níl sé ach nádúrtha go mbeimis ag tnúth go bhfeicfimid ár mairbh beo arís.

CÉARD A MHÚINEANN AN BÍOBLA? Beidh aiséirí ag formhór na ndaoine a fuair bás. Gheall Íosa go bhfuil an uair ag teacht go “gcluinfidh a bhfuil sna tuamaí glór Mhac Dé, agus tiocfaidh siad amach.” (Eoin 5:28, 29) De réir bun chuspóir Dé, beidh seans acu siúd a thógfar ón mbás maireachtáil go deo i bparthas ar thalamh. (Íseáia 65:21-25) I measc na rudaí atá geallta sa todhchaí do dhaoine dílse tá sláinte fhoirfe agus beatha shíoraí. Múineann an Bíobla: “Tiocfaidh na fíréin in oidhreacht an talaimh agus mairfidh siad ann go brách.”—Salm 37:29.

Féach Iób 14:14, 15; Lúcás 7:11-17; agus Gníomhartha 24:15.

Cén Chaoi ar Féidir Liom Guí le go dTabharfaidh Dia Cluas Dom?

CÉN FÁTH AN CHEIST? Bíonn daoine i ngach reiligiún ag guí. Fós, mothaíonn go leor acu nach bhfaigheann siad toradh ar a nguí.

CÉARD A MHÚINEANN AN BÍOBLA? Mhúin Íosa dúinn gur cheart athrá a sheachaint inár bpaidreacha. Dúirt Íosa: “Agus sa ghuí daoibh, ná déanaigí deilín de.” (Matha 6:7) Má táimid ag iarraidh éisteacht a fháil ó Dhia, caithimid guí a dhéanamh ar an mbealach atá leagtha síos ag Dia dúinn. Ní mór dúinn eolas a chur ar thoil Dé agus guí dá réir. Deir an Bíobla: “Agus bíonn sé seo de mhuinín againn as, go n-éisteann sé linn cibé a iarraimid air de réir a thola.”—1 Eoin 5:14, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn.

Féach Salm 65:2; Eoin 14:6, 14; agus 1 Eoin 3:22.

Cén Chaoi ar Féidir Liom Suaimhneas a Fháil sa Saol?

CÉN FÁTH AN CHEIST? Ceapann daoine go dtugann rachmas, cáil nó áilleacht sonas dóibh. Dá bhrí sin téann siad sa tóir ar na rudaí seo—ach fós ní bhíonn siad sona.

CÉARD A MHÚINEANN AN BÍOBLA? Thaispeáin Íosa an bealach le sonas a fháil sa saol nuair a dúirt sé: “Is mó is méanar dóibh seo a chluineann briathar Dé agus a choimeádann é.” (Lúcás 11:28) Is féidir linn fíor shonas a bhaint amach trí éisteacht leis an bhfírinne atá i mbriathar Dé agus beart a dhéanamh dá réir. Cabhróidh an fhírinne seo linn idirdhealú a dhéanamh idir an rud atá ceart agus an rud atá mícheart. Beidh saol níos fearr againn má bhíonn ár gcinntí agus ár ngníomhartha bunaithe ar an bhfírinne atá sa mBíobla.

Féach Seanfhocail 3:5, 6, 13-18 agus 1 Tiomóid 6:9, 10.

Níl anseo ach sracfhéachaint ar na freagraí a thugann an Bíobla ar na sé cheist seo. Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil ar an bhfírinne? B’fhéidir gur mhaith leat freagraí a fháil ar na ceisteanna seo a leanas: ‘Má tá cion ag Dia orainn, cén fáth ar cheadaigh sé olc agus fulaingt leis na cianta? Cén chaoi ar féidir liom saol mo chlainne a fheabhsú?’ Tugann an Bíobla freagraí cuimsitheacha ar na ceisteanna sin agus cuid mhaith nach iad.

Mar sin féin, bíonn drogall ar go leor daoine breathnú sa Bhíobla. Ceapann siad gur leabhar é atá leadránach agus deacair a thuiscint. Ar mhaith leat cúnamh a fháil chun freagraí a aimsiú sa Bhíobla? Tá Finnéithe Iehova sásta cuidiú leat.

Ar dtús tá an leabhrán Dea-Scéala ó Dhia! ann a thugann freagraí soiléire ón mBíobla ar cheisteanna tábhachtacha. Chomh maith leis sin tá cúrsa ar an mBíobla le fáil saor in aisce. Tá Finnéithe Iehova sásta an cúrsa Bíobla seo a chur ar fáil ag áit agus am a fheileann duit féin. Tá na milliúin ar fud an domhain tar éis tairbhe a bhaint as an gclár seo. Is le ríméad a deir siad: “Tá an fhírinne agam anois!”

Is í an fhírinne ón mBíobla an rud is luachmhaire atá againn mar saorann sí muid ó phiseoga, dallamullóg agus faitíos céadach. Tugann sé seo dóchas, cuspóir agus treoir dúinn. Dúirt Íosa: “Beidh fios na fírinne agaibh, agus saorfaidh an fhírinne sibh.”—Eoin 8:32.