Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 1

Chruthaigh Dia Neamh agus Talamh

Chruthaigh Dia Neamh agus Talamh

Is é Iehova Dia ár gcruthaitheoir. Chruthaigh sé gach ní—na rudaí a fheiceann muid, agus na rudaí nach bhfeiceann muid. Sular chruthaigh sé na rudaí a fheiceann muid chruthaigh sé go leor, leor aingil. An bhfuil a fhios agat céard é aingeal? Pearsa atá san aingeal a chruthaigh Iehova ina chosúlacht féin. Ní féidir linn na haingil a fheiceáil mar is spioraid iad, cosúil le Dia. Bhí an chéad aingeal a chruthaigh Iehova mar chúntóir aige. Chabhraigh an t-aingeal seo le hIehova na réaltaí, na pláinéid, agus gach ní eile a dhéanamh. Tá an domhan álainn seo, ar a bhfuil muid inár gcónaí, ar cheann de na pláinéid sin.

Ansin, chóirigh Iehova an domhan chun go mbeadh ainmhithe agus daoine in ann maireachtáil air. Chuir sé solas na gréine ag scaladh ar an domhan. Rinne sé cnoic, farraigí, agus aibhneacha.

Céard a tharla ansin? Dúirt Iehova: ‘Tá mé chun féar, plandaí agus crainn a chur ag fás.’ Ansin, d’fhás go leor cineálacha torthaí, glasraí agus bláthanna. Ina dhiaidh sin, rinne Iehova na hainmhithe go léir—ainmhithe atá in ann eitilt, snámh, agus siúl. Rinne sé ceanna beaga, ar nós coiníní, agus ceanna móra ar nós eilifintí. Cén t-ainmhí is fearr leatsa?

Ansin dúirt Iehova leis an gcéad aingeal: ‘Déanfaidh muid an duine.’ Bheadh difríocht mhór idir an duine agus an t-ainmhí. Bheadh an duine in ann rudaí nua a fhoghlaim agus a dhéanamh. Bheadh sé in ann labhairt, gáire, agus guí. Thabharfadh sé aire don talamh agus do na hainmhithe. An bhfuil a fhios agat cérbh é an chéad fhear? Gheobhaidh muid amach sa gcéad scéal eile.

“I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh.”—Geineasas 1:1