Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 63

An Scríobh ar an mBalla

An Scríobh ar an mBalla

In am tráth, tháinig Béilseazar i réim sa mBablóin. Oíche amháin, thug sé cuireadh do mhíle de na daoine ba mhó le rá sa tír chuig féasta. D’ordaigh sé dá shearbhóntaí na cupáin óir a thóg Nabúcadnazar as teampall Iehova a thabhairt i láthair. D’ól Béilseazar agus a chomhluadar as na cupáin agus iad ag moladh a ndéithe. Go tobann, tháinig lámh duine san aer agus thosaigh sé ag scríobh focail aisteacha ar an mballa sa seomra bia.

Bhí Béilseazar scanraithe. Ghlaoigh sé ar na fir feasa agus gheall sé: ‘Má tá duine ar bith in ann brí na bhfocal seo a insint dom, tabharfar ardú céime dó agus beidh sé ar an tríú fear is cumhachtaí sa mBablóin.’ Rinne siad gach iarracht, ach ní raibh duine ar bith acu in ann na focail a mhíniú. Tháinig an bhanríon isteach agus dúirt: ‘Tá fear ann darb ainm Dainéil, a bhí in ann a chuid físeanna a mhíniú do Nabúcadnazar. Beidh sé in ann na focail seo a mhíniú duitse.’

Tháinig Dainéil isteach chuig an rí. Dúirt Béilseazar leis: ‘Má tá tú in ann na focail seo a léamh agus a mhíniú, tabharfaidh mé slabhra óir duit agus beidh tú ar an tríú duine is cumhachtaí sa mBablóin.’ Dúirt Dainéil: ‘Níl mé ag iarraidh do chuid bronntanais, ach inseoidh mé duit céard a chiallaíonn na focail seo. Bhí d’athair Nabúcadnazar uaibhreach, ach d’ísligh Iehova é. Cé go raibh a fhios agat faoin méid a tharla dó, léirigh tú dímheas ar Iehova nuair a d’ól tú fíon as cupáin óir a theampaill. Mar sin scríobh Dia na focail seo: Mené, Mené, Tecél, agus Parsín. Ciallaíonn na focail seo go bhfuil na Méidigh agus na Peirsigh chun an Bhablóin a chur faoi chois, agus nach mbeidh tusa i do rí níos mó.’

Bhí an chuma air nárbh fhéidir an Bhablóin a chloígh. Bhí ballaí tiubha agus abhainn dhomhain ag cosaint na cathrach. Ach an oíche chéanna sin, d’ionsaigh na Méidigh agus na Peirsigh iad. Chuir Cíoras, rí na Peirse, an abhainn ar mhalairt treo, ionas go mbeadh na saighdiúirí in ann máirseáil suas go dtí geataí na cathrach. Nuair a shroich siad na geataí bhí siad oscailte! Isteach leis an arm, chloígh siad an chathair agus mharaigh siad an rí. Ansin thosaigh Cíoras ag rialú na Bablóine.

Taobh istigh de bhliain d’fhógair Cíoras: ‘Dúirt Iehova liom an teampall in Iarúsailéim a atógáil. Duine ar bith ar mian leis a bheith páirteach san obair, tá saorchead aige imeacht.’ Mar sin, chuaigh cuid mhaith de na Giúdaigh ar ais abhaile 70 bliain tar éis scriosadh Iarúsailéim, díreach mar a gheall Iehova. Thug Cíoras dóibh na cupáin óir agus airgid agus na soithí a thóg Nabúcadnazar ón teampall. An bhfeiceann tú an chaoi ar úsáid Iehova Cíoras chun cabhrú lena dhaoine?

“Thit sí, thit sí, an Bhabalóin a bhí mór! Rinneadh áitreabh deamhan di.”—Apacailipsis 18:2, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn