Réamhrá Cuid 11
Tá an chuid seo den leabhar bunaithe ar na Scrioptúir Gréigise Críostaí. Rugadh Íosa do theaghlach uiríseal, a bhí ina gcónaí i mbaile beag. Bhíodh Íosa ag obair lena athair, a bhí ina shiúinéir. Ba é Íosa an té a shlánódh an cine daonna. Roghnaigh Iehova é le bheith mar rí ar Ríocht na bhFlaitheas. Más tuismitheoir thú, cabhraigh le do pháiste a thuiscint cé chomh cúramach is a bhí Iehova nuair a roghnaigh sé an teaghlach agus an timpeallacht ina dtógfaí Íosa. Déan machnamh ar an gcaoi ar chosain Iehova Íosa ar Héaród agus ar an gcaoi a léiríonn sé seo nach féidir le haon ní cuspóir Iehova a stopadh. Foghlaim faoin gcaoi ar cheap Iehova Eoin chun an bealach a réiteach d’Íosa. Cuir
béim ar an mbealach a léirigh Íosa, fiú ag aois an-óg, go raibh grá aige do dhlíthe Iehova.SA gCUID SEO
CEACHT 68
Rugadh Mac d’Eiliosaibeit
Cén fáth a ndúradh le fear Eiliosaibeit nach mbeadh sé in ann caint nó go saolófaí an leanbh?
CEACHT 70
Fógraíonn na hAingil Breith Íosa
Tar éis cloisteáil faoi bhreith an Mheisias, chuaigh na haoirí ar a thóir láithreach.
CEACHT 73
Réitíonn Eoin an Bealach
B’fháidh é Eoin. Mhúin sé go raibh an Meisias ag teacht. Cén chaoi a ndeachaigh a theachtaireacht i bhfeidhm ar na daoine?