Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 71

Chosain Iehova Íosa

Chosain Iehova Íosa

Bhí tír san Oirthear, sé sin taobh thoir d’Iosrael, ina raibh daoine a chreid go raibh na réaltaí in ann iad a threorú. Oíche amháin chonaic fir ón tír sin rud an-gheal ag gluaiseacht sa spéir. Cheap siad gur réalta a bhí ann agus lean siad di. Threoraigh an “réalta” go hIarúsailéim iad. Thosaigh na fir ag fiafraí de na daoine: ‘Cá bhfuil an leanbh a bheidh ina rí ar na Giúdaigh? Tháinig muid chun ómós a thabhairt dó.’

Nuair a chuala Héaród, rí Iarúsailéim, faoin rí nua seo, bhuail imní é. D’fhiafraigh sé de na sagairt: ‘Cén áit a bhfuil an rí seo ceaptha a bheith beirthe?’ Dúirt siad leis: ‘Tá sé ráite ag na fáithe go mbéarfaí i mBeithil é.’ Ansin chuir Héaród fios ar na fir ón Oirthear agus dúirt sé leo: ‘Téigí go Beithil agus faighigí an leanbh. Ansin tagaigí ar ais agus insígí dom cá bhfuil sé. Tá mé féin ag iarraidh ómós a thabhairt dó chomh maith.’ Ach is ag bréagadóireacht a bhí sé.

Thosaigh an “réalta” ag gluaiseacht arís. Lean na fir di go dtáinig siad chomh fada le Beithil. Stop an “réalta” os cionn tí. Chuaigh na fir isteach sa teach agus bhí Íosa agus a mháthair istigh rompu. D’umhlaigh siad don pháiste agus thug siad bronntanais dó—ór, túis agus miorr. Arbh é Iehova a chuir na fir seo ar thóir Íosa? Níorbh é.

An oíche sin, dúirt Iehova le hIósaef i mbrionglóid: ‘Tá Héaród ag iarraidh Íosa a mharú. Tabhair leat do bhean agus do mhac agus teith go dtí an Éigipt. Fan ansin nó go ndéarfaidh mé leat go bhfuil sé sábháilte a theacht ar ais.’ Chuaigh Iósaef agus a chlann go dtí an Éigipt láithreach bonn.

Dúirt Iehova leis na fir ón Oirthear gan dul ar ais go dtí Héaród. Nuair a fuair Héaród amach nach raibh siad ag teacht ar ais, bhí sé ar buile. Nuair nach raibh sé in ann Íosa a fháil, d’ordaigh sé na buachaillí beaga go léir i mBeithil a bhí ar chomhaois le hÍosa a mharú. Ach bhí Íosa slán sábháilte i bhfad ó bhaile, san Éigipt.

In am tráth, fuair Héaród bás. Dúirt Iehova le hIósaef: ‘Anois féadfaidh tú filleadh ar do thír dhúchais.’ Tháinig Iósaef, Muire agus Íosa ar ais go hIosrael, agus chuir siad fúthu i gcathair Nazarat.

“Is amhlaidh don bhriathar a théann as mo bhéal, ní fhilleann orm gan toradh, gan an rud a b’áil liom a dhéanamh agus mo bheart a chur i gcrích.”—Íseáia 55:11