Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 69

Cuairt Ghaibriéil ar Mhuire

Cuairt Ghaibriéil ar Mhuire

Bhí bean óg darbh ainm Muire, bean gaoil le hEiliosaibeit, ina cónaí i gcathair Nazarat sa nGailíl. Bhí Muire geallta le siúinéir darbh ainm Iósaef. Nuair a bhí Eiliosaibeit sé mhí ag iompar clainne, tháinig an t-aingeal Gaibriéil go dtí Muire. Dúirt sé léi: ‘Mora duit, a Mhuire. Tá gean ag Iehova ort.’ Níor thuig sí céard a bhí i gceist ag Gaibriéil. Ansin dúirt sé léi: ‘Beidh tú torrach agus saolófar mac duit, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air. Rialóidh sé mar Rí. Ní bheidh deireadh go deo lena Ríocht.’

Dúirt Muire: ‘Ach is maighdean mé. Cén chaoi a bhféadfainn leanbh a bheith agam?’ Dúirt Gaibriéil: ‘Níl ní ar bith dodhéanta ag Iehova. Tiocfaidh tú faoi thionchar an spioraid naoimh agus beidh mac agat. Tá do bhean gaoil, Eiliosaibeit, ag iompar clainne chomh maith.’ Ansin dúirt Muire: ‘Is mise banóglach Iehova. Go ndéantar liom díreach mar a dúirt tú.’

Thug Muire cuairt ar Eiliosaibeit i gcathair sna cnoic. Nuair a bheannaigh Muire di, léim an leanbh i mbroinn Eiliosaibeit. Dúirt Eiliosaibeit faoi thionchar an spioraid naoimh: ‘Tá beannacht Iehova ort, a Mhuire. Is mór agam máthair mo thiarna a bheith i mo theach.’ Dúirt Muire: ‘Tugaim glóir d’Iehova ó mo chroí go hiomlán.’ D’fhan Muire in éineacht le hEiliosaibeit ar feadh trí mhí, agus ansin chuaigh sí abhaile go Nazarat.

Nuair a fuair Iósaef amach go raibh Muire ag iompar clainne, ní raibh sé ag iarraidh í a phósadh. Ach tháinig aingeal chuige i mbrionglóid agus dúirt: ‘Ná bíodh eagla ort Muire a phósadh. Níl dada déanta as bealach aici.’ Ansin phós Iósaef Muire agus thug sé abhaile leis í.

“Déanann sé a dtaitníonn leis ar neamh is ar talamh.”—Salm 135:6