CEACHT 73
Réitíonn Eoin an Bealach
Bhí Eoin, mac Zachairias agus Eiliosaibeit, ina fháidh. Chuir Iehova Eoin chuig na daoine chun iad a chur ar an eolas faoi theacht an Mheisias. Ní sna sionagóga ná sna bailte, a bhíodh Eoin ag múineadh, ach sa bhfásach. Tháinig daoine ó Iarúsailéim agus ó áiteanna eile ar fud Iúdáia chun éisteacht le hEoin. Mhúin sé dóibh go gcaithfidís éirí as a bheith ag déanamh drochrudaí chun Iehova a shásamh. Dá thoradh sin, rinne go leor acu aithrí ina gcuid peacaí, agus bhaist Eoin iad in Abhainn na hIordáine.
Chaith Eoin saol simplí. Bhí a chuid éadaí déanta as fionnadh camaill agus bhíodh sé ag ithe lócaistí agus mil fhiáin. Bhí na daoine ag iarraidh a fháil amach cérbh é féin. Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh uaibhreacha iad féin chun é a fheiceáil. Dúirt Eoin leo: ‘Caithfidh sibh bhur mbealaí a athrú agus aithrí a dhéanamh. Ná bígí ag ceapadh go bhfuil sibhse speisialta, ag rá go bhfuil Abrahám mar athair agaibh. Ní chiallaíonn sé sin gur sibh clann Dé.’
Tháinig a lán daoine chuig Eoin ag fiafraí: ‘Céard a chaithfidh muid a dhéanamh chun Dia a shásamh?’ Dúirt Eoin leis na Giúdaigh: ‘Má tá dhá chóta agat, tabhair ceann acu don té a bhfuil gá aige leis.’ An bhfuil a fhios agat cén fáth a ndúirt sé é sin? Bhí sé ag múineadh dá dheisceabail go gcaithfidís grá a bheith acu do dhaoine, má bhí siad ag iarraidh Dia a shásamh.
Dúirt Eoin leis na bailitheoirí cánach: ‘Bígí ionraic agus ná bígí ag caimiléireacht.’ Dúirt sé leis na saighdiúirí: ‘Ná glacaigí breabanna, agus ná hinsígí bréaga.’
Tháinig sagairt agus Léivítigh go dtí Eoin chomh maith agus d’fhiafraigh siad de: ‘Cé thú féin? Tá gach duine ag iarraidh a fháil amach.’ Dúirt Eoin: ‘Is glór mé sa bhfásach atá ag treorú daoine chuig Iehova, díreach mar a thuar an fáidh Íseáia.’
Bhí na daoine an-sásta leis an méid a bhí Eoin a mhúineadh dóibh. Bhí cuid acu ag ceapadh gurbh é Eoin an Meisias. Ach dúirt sé leo: ‘Tá duine níos mó le rá ná mise ag teacht. Ní fiú mé iall a bhróige a scaoileadh. Baisteann mise le huisce, ach baistfidh seisean leis an spiorad naomh.’
“Tháinig sé ag déanamh fianaise chun fianaise a thabhairt i dtaobh an tsolais chun go gcreidfeadh cách tríd.”—Eoin 1:7