CEACHT 80
Roghnaíonn Íosa Dháréag Aspal
Tar éis d’Íosa bliain go leith a chaitheamh ag craobhscaoileadh bhí cinneadh tábhachtach le déanamh aige. Cé acu dá dheisceabail a roghnódh sé le bheith mar aspail aige? Cé a roghnódh sé le ceannaireacht a thabhairt don phobal Críostaí? Theastaigh uaidh treoir a fháil ó Iehova chun na cinntí seo a dhéanamh. Mar sin chuaigh sé suas ar chnoc áit a raibh sé in ann a bheith ina aonar, agus chaith sé an oíche ag guí. Ar maidin, bhailigh sé a chuid deisceabail le chéile agus roghnaigh sé 12 aspal. An bhfuil tú in ann cuimhneamh ar chuid dá gcuid ainmneacha? Seo iad ainmneacha an dáréag aspal: Peadar, Aindrias, Séamas, Eoin, Pilib, Parthalán, Tomás, Matha, Séamas mac Alfáias, Tadáias, Síomón, agus Iúdás Isceiriót.
Bhíodh an Dáréag ag taisteal in éineacht le hÍosa. Tar éis dó oiliúint a chur orthu, cuireadh amach ag craobhscaoileadh leo féin iad. Chuir Iehova ar a gcumas na deamhain a dhíbirt agus daoine tinne a leigheas.
Thug Íosa ‘cairde’ ar an Dáréag, agus bhí muinín aige astu. Cheap na Fairisínigh nach raibh iontu ach gnáthdhaoine gan léann. Ach chuir Íosa oiliúint orthu chun go mbeidís in ann a gcuid oibre a dhéanamh. Bheidís in éineacht le hÍosa ag na hamanna ba thábhachtaí ina shaol, mar shampla roimh a bhás agus tar éis a aiséirí. Cosúil le hÍosa, ba as an nGailíl a bhformhór. Bhí cuid acu pósta.
B’fhir neamhfhoirfe a bhí sna haspail agus rinne siad botúin. Labhair siad uaireanta gan cuimhneamh orthu féin, agus rinne siad droch-chinntí. Is minic a bhí siad mífhoighneach. Bhídís ag argóint lena chéile faoi cé acu ba thábhachtaí fiú. Ach ba dhea-dhaoine a bhí iontu a raibh grá acu d’Iehova. Bheidís mar bhunchloch don phobal Críostaí nuair a bheadh Íosa imithe.
“Thug mé cairde oraibh, óir gach a gcuala ó m’Athair, chuir mé in iúl daoibh é.”—Eoin 15:15