Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Réamhrá Cuid 14

Réamhrá Cuid 14

Scaip na chéad Chríostaithe dea-scéal na Ríochta ar fud na cruinne. Thug Íosa treoir maidir leis na háiteanna a raibh an craobhscaoileadh le déanamh iontu, agus chuir sé ar a gcumas teangacha éagsúla a labhairt. Spreag Iehova iad agus thug sé misneach dóibh le go seasaidís an fód in aghaidh na géarleanúna.

Thug Íosa fís don aspal Eoin ina bhfaca sé glóir Iehova. I bhfís eile, chonaic sé Ríocht na bhflaitheas ag fáil an cheann is fearr ar Shátan agus ag cur deireadh lena thiarnas go deo. Chonaic Eoin Íosa ag rialú mar Rí agus 144,000 eile ag rialú in éineacht leis. Chomh maith leis sin, chonaic sé parthas á dhéanamh den talamh, agus gach duine ag adhradh Iehova go síochánta le chéile.

SA gCUID SEO

CEACHT 94

Thuirling an Spiorad Naomh ar na Deisceabail

Cén chumhacht a thug an spiorad naomh dóibh?

CEACHT 95

Ní Raibh Aon Rud in Ann Iad a Stopadh

Rinne na ceannairí reiligiúnacha, a mharaigh Íosa, iarracht na deisceabail a stopadh. Ní raibh siad in ann.

CEACHT 96

Roghnaíonn Íosa Sól

Tá Sól ina namhaid fíochmhar ag na Críostaithe, ach tá sé sin ag dul ag athrú go luath.

CEACHT 97

Faigheann Coirnéilias an Spiorad Naomh

Cén fáth a gcuireann Dia Peadar go dtí teach an fhir seo, cé nach Giúdach é?

CEACHT 98

Scaipeann an Chríostaíocht ar Fud an Domhain Mhóir

Tosaíonn an t-aspal Pól agus a chomhluadar ag craobhscaoileadh i dtíortha i bhfad i gcéin.

CEACHT 99

Foghlaimíonn Garda Príosúin an Fhírinne

Cén bhaint atá ag deamhan, crith talún agus claíomh leis an scéal seo?

CEACHT 100

Pól agus Tiomóid

D’oibrigh na fir seo le chéile mar chairde agus mar shearbhóntaí Dé ar feadh blianta fada.

CEACHT 101

Cuirtear Pól go Dtí an Róimh

Bhí go leor contúirtí ag baint leis an turas seo, ach ní raibh rud ar bith in ann an t-aspal Pól a stopadh.

CEACHT 102

Na Físeanna a Taispeánadh d’Eoin

Thug Íosa sraith físeanna dó a thug léargas ar an todhchaí.

CEACHT 103

“Go dTaga do Ríocht”

Tugann na físeanna a tugadh d’Eoin léargas dúinn ar na hathruithe a thiocfaidh ar an saol nuair a bheidh Ríocht Dé ag rialú an domhain.