Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 33

Rút agus Náoimí

Rút agus Náoimí

Nuair a bhí gorta in Iosrael, chuaigh bean Iosraeilíteach, darbh ainm Náoimí go dtí Móáb in éineacht lena fear céile agus a beirt mhac. Níos déanaí, fuair fear Náoimí bás. Phós a beirt mhac mná as Móáb—Rút agus Orpá. Ach in am tráth, fuair beirt mhac Náoimí bás.

Nuair a chuala Náoimí go raibh an gorta thart in Iosrael, d’fhill sí abhaile. Chuaigh Rút agus Orpá in éineacht léi. Nuair a bhí siad ar an mbealach dúirt Náoimí leo: ‘Bhí sibh go maith do mo chlann mhac agus domsa. Tá mé ag iarraidh ar an mbeirt agaibh pósadh arís. Téigí abhaile go Móáb.’ Dúirt na mná á freagairt: ‘Tá muid an-mhór leat! Níl muid ag iarraidh thú a fhágáil.’ Ach choinnigh Náoimí ag impí orthu dul ar ais. Sa deireadh, chuaigh Orpá ar ais ach d’fhan Rút le Náoimí. Dúirt Náoimí léi: ‘Tá Orpá ag dul ar ais go dtí a muintir agus a déithe. Téigh in éineacht léi go dtí teach do mháthair.’ Ach dúirt Rút : ‘Ní fhágfaidh mé thú. Beidh do mhuintirse mar mhuintir agamsa agus beidh do Dhiasa mar Dhia agamsa.’ Meas tú cén chaoi ar mhothaigh Náoimí nuair a dúirt Rút an méid sin?

Shroich Náoimí agus Rút Iosrael nuair a bhí an eorna á baint. Lá amháin, chuaigh Rút ag bailiú grán a bhí fágtha i bpáirc le fear darbh ainm Boaz, mac Rácháb. Chuala Boaz gur Móábach í Rút, a tháinig go hIosrael i gcuideachta Náoimí. Dúirt sé lena chuid oibrithe rud beag breise grán a fhágáil sa bpáirc le haghaidh Rút.

D’fhiafraigh Náoimí de Rút an tráthnóna sin: ‘Cén pháirc a raibh tú ag obair inti inniu?’ Dúirt Rút: ‘Páirc le fear darb ainm Boaz.’ Dúirt Náoimí le Rút: ‘Bhí gaol ag m’fhear céile le Boaz. Lean ort ag obair ina pháirc in éineacht leis na mná óga eile. Beidh tú slán sábháilte ansin.’

Lean Rút uirthi ag obair i bpáirc Bhoaz go dtí deireadh an fhómhair. Thug Boaz faoi deara gurbh oibrí crua í Rút agus gur bean mhaith a bhí inti. Sna laethanta sin, dá bhfaigheadh fear bás agus gan mac aige, phósadh a bhaintreach duine muinteartha lena fear céile. Dá bhrí sin, phós Boaz Rút. Bhí mac acu darbh ainm Óbaed—seanathair Rí Dáiví. Bhí gliondar ar chairde Náoimí. Dúirt siad: ‘Ar an gcéad dul síos, thug Iehova Rút duit, atá go maith duit, agus anois tá garmhac agat. Moladh go deo le hIehova.’

“[Tá cairde ann] . . . ar gaire iad ná deartháir.”—Seanfhocail 18:24