Réamhrá Cuid 9
Déanann an chuid seo den leabhar cur síos ar dhaoine óga, fáithe, agus ríthe a raibh creideamh láidir acu in Iehova. Chreid cailín beag Iosraeilíteach, a bhí san Arám (ar a dtugtar an tSiria inniu), go raibh fáidh Iehova in ann Námán a leigheas. Bhí muinín ag an bhfáidh Eilíseá go raibh Iehova in ann é a chosaint ar arm a namhad. Chuir an tArdsagart Iahóideá a bheatha i mbaol chun an leanbh, Ióáis, a chosaint ar a sheanmháthair, Atailiá, a bhí ag iarraidh é a mharú. Bhí an Rí Hiziciá muiníneach go raibh Iehova in ann Iarúsailéim a thabhairt slán, agus níor ghéill sé do bhagairt na hAsaíre. Chuir Rí Ióisíá deireadh le híoladhradh sa tír, d’athchóirigh sé an teampall, agus chuir sé fíoradhradh i réim arís.
SA gCUID SEO
CEACHT 51
An Laoch agus an Cailín Beag
Insíonn cailín óg Iosraeilíteach dá máistreás faoi chumhacht Dé—bíonn míorúilt mar thoradh air.
CEACHT 52
Arm Iehova
Céard a bhí i gceist ag Eilíseá nuair a dúirt sé “is mó atá linne ná mar atá leosan.”
CEACHT 54
Bhí Iehova Foighneach le hIóna
Cén chaoi ar tharla sé gur shlog iasc mór duine d’fháithe Dé? Cén chaoi ar éirigh leis teacht amach as a bholg? Agus cén ceacht a mhúin Iehova dó?
CEACHT 55
Chosain Aingeal Iehova Hiziciá
Dúirt naimhde Iúdá nach gcosnódh Iehova a dhaoine, ach bhí siad mícheart!
CEACHT 56
Bhí Ómós ag Ióisíá do Dhlí Dé
Rinneadh rí d’Ióisíá nuair a bhí sé ocht mbliana d’aois agus chabhraigh sé leis na daoine Iehova a adhradh.