Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 53

Bhí Misneach ag Iahóideá

Bhí Misneach ag Iahóideá

Bhí iníon ag Ízeibil darbh ainm Atailiá, agus ba dhrochbhean í cosúil lena máthair. Bhí Atailiá pósta le rí Iúdá. Nuair a fuair a fear bás, thosaigh a mac ag rialú. Ach nuair a fuair a mac bás, ghabh Atailiá seilbh ar an ríchathaoir. Rinne sí iarracht an ríshliocht go léir a scriosadh. Dhúnmharaigh sí duine ar bith a d’fhéadfadh a theacht mar rialtóir ina háit, a garmhic féin ina measc. Bhí eagla ar gach duine roimpi.

Bhí a fhios ag an Ardsagart Iahóideá agus a bhean Iahóiseaba, go gcaithfidís duine den ríshliocht a chosaint. Chuir siad a mbeatha féin i mbaol chun garmhac Atailiá, leanbh darbh ainm Ióáis, a chur i bhfolach. Tógadh ag an teampall é.

Nuair a bhí Ióáis seacht mbliana d’aois, bhailigh Iahóideá na ceannfoirt agus na Léivítigh agus dúirt sé leo: ‘Cuirigí garda ar dhoirse an teampaill, agus ná ligigí aon duine isteach.’ Chuir Iahóideá an choróin ar Ióáis agus rinne sé rí ar Iúdá de. Bhéic muintir Iúdá: ‘Fad saoil don rí!’

Chuala an bhanríon Atailiá na gártha molta, agus chuaigh sí go dtí an teampall faoi dheifir. Nuair a chonaic sí an rí nua, scread sí: ‘Feall! Feall!’ Rug na ceannfoirt ar an mbanríon, thug siad leo í agus chuir siad chun báis í. Ach céard faoin drochthionchar a bhí aici ar an náisiún?

Chabhraigh Iahóideá leis an náisiún conradh a dhéanamh le hIehova inar gheall siad gur go Iehova amháin a thabharfaidís adhradh. D’ordaigh Iahóideá dóibh teampall Bháil a leagan agus smidiríní a dhéanamh de na híola. Cheap sé na sagairt agus na Léivítigh chun oibriú ag an teampall ionas go mbeadh na daoine in ann adhradh ann arís. Chuir sé gardaí ar gheataí an teampaill ionas nach mbeadh an té a bhí neamhghlan in ann dul isteach. Ansin thug Iahóideá agus na ceannfoirt Ióáis go dtí an pálás agus chuir siad ar an ríchathaoir é. Bhí lúcháir ar mhuintir Iúdá. Bhí siad in ann seirbhís a thabhairt d’Iehova sa deireadh, agus bhí siad saortha ó Atailiá agus ó adhradh Bháil. An bhfeiceann tú an chaoi ar chabhraigh misneach Iahóideá le go leor daoine?

“Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t-anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh.”—Matha 10:28