CEIST 4
Cén Chaoi a gCeartóidh Mé Mo Bhotúin?
CÉARD A DHÉANFÁ?
Samhlaigh é seo: Le linn dó a bheith ag spraoi, buaileann Tadhg liathróid agus briseann sé fuinneog ar charr a chomharsan.
Céard a dhéanfá dá mbeifeá i mbróga Thaidhg?
STOP AGUS SMAOINIGH ORT FÉIN!
TÁ TRÍ ROGHA AGAT:
-
Rith.
-
An milleán a chur ar dhuine éigin eile.
-
É a insint do do chomharsa agus a rá leis go n-íocfaidh tú as an damáiste.
B’fhéidir go mbeadh fonn ort A a roghnú. Ach tá cúiseanna maithe ann do bhotúin a admháil—bídís beag nó mór.
TRÍ CHÚIS AR CHEART BOTÚIN A ADMHÁIL
-
Is é an rud ceart é le déanamh.
Deir an Bíobla: “Is mian linn sinn féin a iompar mar is cóir i ngach rud.”—Eabhraigh 13:18.
-
Tá seans maith go dtabharfaidh daoine maithiúnas dóibh siúd a admhaíonn a gcuid botún.
Deir an Bíobla: “Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta; ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air.”—Seanfhocail 28:13.
-
Níos tábhachtaí fós, cuireann sé gliondar ar Dhia.
Deir an Bíobla: “Is fuath leis an Tiarna beola an éithigh [nó, an bhréagadóra]; ach is gean leis lucht labhartha na fírinne.”—Seanfhocail 12:22
Ní raibh Karina ag iarraidh insint dá hathair go raibh pointí pionóis faighte aici. Ach ní raibh sí in ann é a choinneáil faoi rún go deo. Deir Karina: “Thug m’athair faoi deara go raibh pointí pionóis curtha ar mo cheadúnas timpeall is bliain ina ndiaidh sin. Bhí mé i dtrioblóid!”
An ceacht? Deir Karina: “Déanann sé rudaí níos measa má choinníonn tú botúin faoi rún. Íocann tú astu níos déanaí!”
FOGHLAIM Ó DO CHUID BOTÚN
Deir an Bíobla: “Is iomaí slí ina bpeacaímid go léir.” (Séamas 3:2) Nuair a adhmhaíonn tú do chuid botún láithreach bonn, is comhartha é go bhfuil tú uiríseal agus aibí.
An chéad chéim eile: foghlaim ó do chuid botún. Deir Vera: “Déanaim iarracht ceacht a fhoghlaim ó gach botún, rud a chabhraíonn liom déileáil níos fearr leis na fadhbanna sin arís.” Feicfidh muid anois an chaoi ar féidir leat é sin a dhéanamh.
Faigheann tú rothar ar iasacht ó d’athair agus déanann tú damáiste dó. Céard a dhéanfaidh tú anois?
-
Ní insíonn tú do d’athair faoi, ag súil nach dtabharfaidh sé an damáiste faoi deara.
-
Insíonn tú do d’athair faoin méid a tharla.
-
Insíonn tú do d’athair faoi, ach cuireann tú an milleán ar dhuine éigin eile.
Teipeann ort sa scrúdú mar gheall nach ndearna tú aon staidéar. Céard a dhéanfaidh tú anois?
-
Cuireann tú an milleán ar an scrúdú.
-
Admhaíonn tú gur ort féin atá an locht.
-
Maíonn tú go bhfuil rud éigin ag an múinteoir i d’aghaidh.
Anois déan athbhreithniú ar na cásanna sin agus samhlaigh gur tú (1) d’athair agus (2) do mhúinteoir. Céard a cheapfadh d’athair agus do mhúinteoir duit dá n-admhófá do chuid botún? Céard a cheapfaidís duit dá gceilfeá iad?
Anois cuimhnigh ar bhotún a rinne tú le bliain anuas agus freagair na ceisteanna seo a leanas.
Cén botún a rinne tú? Cén chaoi ar láimhseáil tú é?
-
Cheil mé é.
-
Chuir mé an milleán ar dhuine éigin eile.
-
D’admhaigh mé é.
Má cheil tú do bhotún, cén chaoi ar mhothaigh tú?
-
Iontach—D’éirigh liom!
-
Ciontach—Ba cheart dom an fhírinne a insint.
An raibh bealach níos fearr ann chun an cás a láimhseáil?
Céard atá foghlamtha agat ó do bhotún?
MEAS TÚ:
Cén fáth nach n-admhaíonn cuid de na daoine a gcuid botún?
Céard a cheapfaidh daoine duit má bhíonn tú ag ceilt do chuid botún i gcónaí? Céard a cheapfaidh siad duit má admhaíonn tú do chuid botún?—Lúcás 16:10