CEIST 2
Cén Chaoi a mBreathnaím?
CÉARD A DHÉANFÁ?
Samhlaigh an cás seo: Nuair a bhreathnaíonn Julia sa scáthán ceapann sí go bhfuil sí ramhar. “Caithfidh mé meáchan a chailleadh,” a deir sí léi féin—cé go ndeir a tuismitheoirí agus a cairde léi go bhfuil sí “chomh tanaí le snáthaid.”
Níl Julia ag iarraidh “ach cúig phunt” a chailleadh. Chun é sin a dhéanamh, tá sí ag smaoineamh gan aon bhia a ithe ar feadh cúpla lá—aiste bia (no, diet) a chuirfeadh a sláinte i mbaol.
Céard a dhéanfá dá mbeifeá i mbróga Julia?
STOP AGUS SMAOINIGH ORT FÉIN!
Níl sé mícheart suim a bheith agat sa gcaoi a mbreathnaíonn tú. Cuireann an Bíobla féin síos ar chomh deas is a bhreathnaigh fir agus mná éagsúla, ina measc Sárá, Ráchael, Aibíogáil, Iósaef, agus Dáiví. Deir an Bíobla go raibh “barr scéimhe [nó, áilleachta]” ag bean darbh ainm Aibíseag.—1 Ríthe 1:4.
Tá go leor daoine óga ann, áfach, nach bhfuil in ann cuimhneamh ar dhada ach ar an gcaoi a mbreathnaíonn siad. Bíonn fadhbanna móra ag cuid acu dá bharr sin. Smaoinigh ar seo:
-
I staidéar amháin, dúirt 58 faoin gcéad de na cailíní go raibh siad róthrom, ach i ndáiríre, ní raibh ach 17 faoin gcéad acu róthrom.
-
I staidéar eile, cheap 45 faoin gcéad de na mná a bhí ró-éadrom, go raibh siad róthrom!
-
Is iomaí duine óg a fhaigheann anoireicse—galar a chuireann a mbeatha i mbaol—le linn dóibh a bheith ag iarraidh meáchan a chailleadh.
AN FEABHAS IS FEARR A D’FHÉADFÁ A CHUR ORT FÉIN!
Taitníonn duine linn de ghnáth, mar gheall ar an mbealach atá leis, ní mar gheall ar an gcaoi a mbreathnaíonn sé. Tóg Aibseálóm, mac Dháiví, mar shampla. Deir an Bíobla faoi:
“Ní raibh oiread agus duine in Iosrael le moladh de bharr a scéimhe an oiread le hAibseálóm; ní raibh máchail [nó, locht] air ó mhullach a chinn go bonn a choise.”—2 Samúéil 14:25.
Ach, bhí an fear óg seo lán de mhórtas, bhí sé fealltach, agus bhí pleananna móra aige dó féin! Mar sin, ní deas mar a chuirtear síos ar Aibseálóm sa mBíobla; cuirtear in iúl gur duine an-ghránna a bhí ann.
Tá cúis mhaith go dtugann an Bíobla an chomhairle seo dúinn:
“Is é teagasc a fuair sibh . . . an nádúr úrnua a ghabháil chugaibh.”—Eifisigh 4:22-24.
“Ná bígí do bhur maisiú féin ar an taobh amuigh . . . ach maisígí an duine úd atá i bhfolach in bhur gcroíthe.”—1 Peadar 3:3, 4, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn.
Níl dada mícheart le bheith ag iarraidh breathnú go deas, ach is é do phearsantacht an rud is tábhachtaí. I ndeireadh na dála, beidh tú níos deise i súile daoine eile má bhíonn dea-thréithe agat! “Tugann daoine áilleacht faoi deara ar an bpointe,” a deir cailín darb ainm Phylicia, “ach is mar gheall ar an mbealach atá leat agus ar do dhea-thréithe a chuimhneoidh daoine ort.”
AG CAITHEAMH SÚL ORT FÉIN
An mbíonn imní ort go minic faoin gcaoi a mbreathnaíonn tú?
An mbíonn tú ag smaoineamh ar a dhul faoi scian nó a dhul ar aiste bia mífholláin chun locht éigin a cheartú?
Céard a d’athrófá dá mbeifeá in ann? (Roghnaigh na ceanna a d’athrófá.)
-
AIRDE
-
MEÁCHAN
-
GRUAIG
-
COLAINN
-
ÉADAN
-
CRAICEANN
Má thug tú “Bíonn” mar fhreagra ar an gcéad agus an dara ceist, agus má roghnaigh tú trí cinn nó níos mó sa tríú ceist, smaoinigh ar seo: Tá seans maith ann nach bhfuil dearcadh chomh dona ag daoine eile i do leith is atá agat féin. Tá sé an-éasca an iomarca imní a dhéanamh faoin gcaoi a mbreathnaíonn tú.—1 Samúéil 16:7.