Dea-Scéala Ó Dhia!

Céard é an dea-scéala ó Dhia? Cén fáth ar féidir linn é a chreidiúint? Freagraíonn an bróisiúr seo ceisteanna coitianta faoin mBíobla.

An Chaoi le Tairbhe a Bhaint as an mBróisiúr Seo

Cabhróidh an bróisiúr seo leat sásamh a bhaint as do staidéar ar Fhocal Dé, an Bíobla. Féach mar is féidir leat tagairtí scrioptúrtha a aimsiú i do Bhíobla féin.

CEACHT 1

Céard é An Dea-Scéala?

Faigh amach céard é an scéal ó Dhia, cén fáth go bhfuil sé práinneach, agus céard is ceart duit a dhéanamh.

CEACHT 2

Cé hÉ Dia?

An bhfuil ainm ag Dia agus an bhfuil cion aige orainne?

CEACHT 3

An ó Dhia an Dea-Scéala?

Cén chaoi ar féidir linn a bheith cinnte go bhfuil teachtaireacht an Bhíobla fíor?

CEACHT 4

Cé hÉ Íosa Críost?

Faigh amach cén fáth ar bhásaigh Íosa, céard é an éiric, agus céard atá Íosa ag déanamh anois.

CEACHT 5

Cén Cuspóir Atá ag Dia don Domhan?

Míníonn an Bíobla cén fáth ar chruthaigh Dia an domhan, cén uair a mbeidh deireadh le fulaingt, agus céard atá i ndán sa todhchaí don domhan agus dóibh siúd a chónaíonn air.

CEACHT 6

Cén Dóchas Atá Ann do na Mairbh?

Céard a tharlaíonn dúinn nuair a fhaighimid bás? An bhfeicimid ár mairbh ina mbeatha arís go deo?

CEACHT 7

Céard í Ríocht Dé?

Cé atá ina Rí ar Ríocht Dé, agus céard a bhainfidh an Ríocht amach?

CEACHT 8

Cén Fáth a gCeadaíonn Dia Olc Agus Fulaingt?

Cén chaoi ar thosaigh an t-olc, agus cén fáth ar cheadaigh Dia dhó leanúint ar aghaidh? An mbeidh deireadh go deo le fulaingt?

CEACHT 9

An Féidir le do Theaghlach a Bheith Sona?

Tá Iehova, an Dia sona, ag iarraidh go mbeidh teaghlaigh sona. Faigh amach faoin gcomhairle phraiticiúil atá sa Bhíobla d’fhir chéile, do mhná céile, do thuismitheoirí, agus do pháistí.

CEACHT 10

An Féidir Leat an Fíorchreideamh a Aithint?

An bhfuil ann ach fíor-reiligiún amháin? Féach ar chúig thréith a bhaineann le fíor-adhradh.

CEACHT 11

An dTéann an Bíobla Chun Tairbhe Dúinn?

Mhínigh Íosa cén fáth a dteastaíonn treoir uainn agus céard iad dhá phríomh-phrionsabal an Bhíobla.

CEACHT 12

An Féidir Dlúthchairdeas a Chothú le Dia?

Faigh amach an n-éisteann Dia le gach guí, cén chaoi ar cheart dúinn guí, agus céard eile is féidir linn a dhéanamh chun dlúthchairdeas a chothú le Dia.

CEACHT 13

Céard É an Dea-Scéala Maidir le Reiligiún?

An dtiocfaidh an t-am go deo nuair a bheidh gach duine aontaithe in adhradh an t-aon Fhíor-Dhia amháin?

CEACHT 14

Cén Fáth a Bhfuil Eagraíocht ag Dia?

Insíonn an Bíobla cén fáth agus cén chaoi a bhfuil fíorChríostaithe eagraithe.

CEACHT 15

Cén Fáth ar Cheart Duit Leanúint Ort?

Cén chaoi ar féidir le daoine eile tairbhe a bhaint as an eolas atá agatsa ar Dhia agus a Fhocal? An féidir leatsa a bheith mór le Dia?