Ceacht 14
Cén Fáth a Bhfuil Eagraíocht ag Dia?
1. Cén fáth ar eagraigh Dia an tSean Iosrael?
D’Eagraigh Dia sliocht Abrahám mar náisiún agus thug sé dlíthe dóibh. Thug sé “Iosrael” mar ainm ar an náisiún agus rinne sé feighlí díobh ar an bhfíor-adhradh agus ar a Bhriathar. (Salm 147:19, 20) Bheadh buntáiste ag daoine as na náisiúin uile de bharr an réitigh sin.—Léigh Geineasas 22:18.
Roghnaigh Dia na hIosraeilítigh le bheith mar fhinnéithe aige. Léiríonn a stair ársa an tairbhe a bhaineann daoine as a bheith umhal do dhlíthe Dé. (Deotranaimí 4:6) Dá bhrí sin, foghlaimímid go leor faoin bhFíor-Dhia ó stair na nIosraeilíteach.—Léigh Íseáia 43:10, 12.
2. Cén fáth a bhfuil fíorChríostaithe eagraithe?
In am trátha chaill na hIosraeilítigh fabhar Dé agus roghnaigh Iehova an pobal Críostaí ina n-áit. (Matha 21:43; 23:37, 38) Inniu, in áit na nIosraeilíteach, siad na fíorChríostaithe atá ag freastal mar Fhinnéithe Iehova.—Léigh Gníomhartha 15:14, 17.
D’eagraigh Íosa a lucht leanúna chun an dea-scéala a scaipeadh agus chun deisceabail a dhéanamh sna náisiúin uile. (Matha 10:7, 11; 24:14; 28:19, 20) Tá an buaicphointe ionann is sroichte ag an obair chraobhscaoilte mar táimid i laethanta deireanacha an reachta seo. Den chéad uair riamh, tá na milliúin duine as gach náisiún aontaithe ag Iehova i bhfíor-adhradh. (Apacailipsis 7:9, 10) Tá fíorChríostaithe eagraithe chun cabhair agus spreagadh a thabhairt dá chéile. Baineann siad taitneamh as an gclár teagaisc Bíobla céanna ag a gcuid cruinnithe pé áit sa domhan ina mbíonn siad lonnaithe.—Léigh Eabhraigh 10:24, 25.
3. Cén tús a bhí ag Finnéithe Iehova an lae inniu?
Sna 1870aidí rinne grúpa beag daoine a bhí ag déanamh staidéir ar an mBíobla athbhreithniú ar fhírinní as an mBíobla a bhí ligthe i léig. Thuig siad gur eagraigh Íosa an pobal Críostaí chun an dea-scéala a scaipeadh, mar sin thosaigh siad féin feachtas idirnáisiúnta leis an obair sin a dhéanamh arís. I 1931 ghlac siad an t-ainm Finnéithe Iehova.—Léigh Gníomhartha 1:8; 2:1, 4; 5:42.
4. Cén chaoi a bhfuil Finnéithe Iehova eagraithe?
Cé go raibh na chéad Chríostaithe lonnaithe i dtíortha éagsúla bhain siad leas as bord stiúrtha lárnach. Ghlac an bord sin leis gurb é Íosa atá ina cheann ar an bpobal Críostaí. (Gníomhartha 16:4, 5) Inniu baineann Finnéithe Iehova leas as Bord Stiúrtha de sheanóirí le seantaithí le riaradh a dhéanamh ar chraobhoifigí Fhinnéithe Iehova ar fud an domhain. Déantar aistriúchán, priontáil, agus dáileadh ar ábhar staidéir Bíobla i mbreis agus 600 teanga sna craobhoifigí seo.Tugann an Bord Stiúrtha spreagadh agus treoir Scrioptúrtha do os cionn 100,000 pobal Críostaí ar fud an domhain. Tá fir cháilithe ag freastal mar sheanóirí, nó mar aoirí i ngach pobal. Tugann na fir seo aire cheanúil do thréad Dé.—Léigh 1 Peadar 5:2, 3.
Tá Finnéithe Iehova eagraithe chun an dea-scéala a scaipeadh agus chun deisceabail a dhéanamh. Ar nós na n-aspal, téimid ó theach go teach ag craobhscaoileadh an dea-scéala. (Gníomhartha 20:20) Chomh maith leis sin déanaimid staidéar ar an mBíobla a thairiscint do dhaoine cneasta a bhfuil grá acu don fhírinne. Is gearr le teaghlach eagraíocht Fhinnéithe Iehova. Tá Athair grámhar againn agus is deartháireacha agus deirfiúracha muid a thugann aire dá chéile. (2 Teasalónaigh 1:3) Ó tharla go bhfuil pobal Iehova eagraithe chun Dia a shásamh agus chun cabhrú le daoine eile, is iad an teaghlach is sonasaí ar domhan iad.—Léigh Salm 33:12; Gníomhartha 20:35.