Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CUID 1

Cén Chaoi a nÉistimid le Dia?

Cén Chaoi a nÉistimid le Dia?

Labhraíonn Dia linn tríd an mBíobla. 2 Tiomóid 3:16

Spreag an Fíor-Dhia fir ar leith chun a chuid smaointe a scríobh i leabhar naofa. Is é an Bíobla an leabhar sin. Tá eolas tábhachtach ann. Ba mhaith le Dia go mbeadh fios agat air.

Tá Dia ar mhaithe linn agus is eisean foinse na heagna. Má éisteann tú leis beidh dea-chomhairle agat.—Seanfhocail 1:5.

Tá Dia ag iarraidh go léifidh gach duine an Bíobla. Tá fáil air i bhformhór teangacha an domhain.

Má theastaíonn uait éisteacht le Dia caithfidh tú an Bíobla a léamh agus a thuiscint.

Tá daoine i ngach áit ag éisteacht. Matha 28:19

Tabharfaidh Finnéithe Iehova cúnamh duit le tuiscint a fháil ar an mBíobla.

Múineann siad an fhírinne faoi Dhia ar fud an domhain.

Níl aon íocaíocht le déanamh agat as an teagasc seo. Is féidir leat foghlaim faoi Dhia ag halla cruinnithe Fhinnéithe Iehova.