Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CUID 3

Cén Chaoi a Raibh an Saol i bParthas?

Cén Chaoi a Raibh an Saol i bParthas?

Bhronn Iehova go leor rudaí maithe ar Ádhamh agus Éabha. Geineasas 1:28

Rinne Iehova an chéad bhean, Éabha, agus thug d’Ádhamh í mar bhean chéile.—Geineasas 2:21, 22.

Chruthaigh Iehova iad le coirp agus le hintinní foirfe, gan locht.

Bhí gairdín Éidin mar bhaile acu–áit álainn ar fad ina raibh abhainn, crainn torthaí agus ainmhithe.

Bhíodh Iehova ag caint leo agus dá múineadh. Dá n’éistfidís leis mhairfidís go deo i bParthas ar talamh.

Dúirt Iehova gan ithe de cheann de na crainn. Geineasas 2:16, 17

D’éirigh ceann de na haingil amach in aghaidh Dé. Is é Sátan an Diabhal an drochaingeal sin.

Thaispeáin Iehova crann torthaí ar leith a bhí sa ghairdín d’Ádhamh agus Éabha. Dúirt sé leo gan ithe den chrann seo nó go ngeobhaidís bás.

Bhí Sátan ag iarraidh go mbeadh Ádhamh agus Éabha easumhal do Iehova. Mar sin d’úsáid sé nathair le bréag a insint d’Éabha. Dúirt sé léi nach bhfaigheadh sí bás ach go mbeadh sí cosúil le Dia, dá n-íosfadh sí de thoradh an chrainn sin.—Geineasas 3:1-5.