CUID 7
Cérbh é Íosa?
Chuir Iehova Íosa go dtí an talamh. 1 Eoin 4:9
Más linn Dia a shásamh, caithfimid éisteacht le duine tábhachtach eile. I bhfad sular cruthaíodh Ádhamh, chruthaigh Iehova pearsa spioraid mhórchumhachtaigh ar neamh.
In imeacht ama, d’aistrigh Iehova an té seo go dtí broinn maighdine darbh ainm Muire agus rugadh i mBeithil é. Tugadh Íosa mar ainm air.—Eoin 6:38.
Mar dhuine daonna ar an talamh, léirigh sé tréithe Dé go foirfe. Bhí sé cineálta, lách, agus éasca labhairt leis. D’inis sé an fhírinne faoi Dhia gan fuacht ná faitíos.
1 Peadar 2:21-24
Rinne Íosa dea-rudaí ach bhí gráin air.Bhí an ghráin ag na ceannairí reiligiúnacha ar Íosa mar gur nochtaigh sé a gcuid teagaisc bhréagacha agus a ndrochgníomhartha.
Leigheas Íosa an té a bhí tinn agus thóg sé daoine ón mbás.
Spreag na ceannairí reiligiúnacha na Rómhánaigh le hÍosa a bhualadh agus a chur chun báis.