Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CUID 14

Cén Chaoi ar Féidir Leat a Bheith Dílis d’Iehova?

Cén Chaoi ar Féidir Leat a Bheith Dílis d’Iehova?

Seas an fód ar thaobh Iehova. 1 Peadar 5:6-9

Fan glan ar nósanna atá in aghaidh teagaisc an Bhíobla. Bíonn misneach ag teastáil chun é seo a dhéanamh.

Ná bí páirteach i gcúrsaí polaitiúla na náisiún; ní thugann siad tacaíocht do Iehova ná dá Ríocht.

Déan an rogha ceart—éist le Dia. Matha 7:24, 25

Cuir aithne ar Fhinnéithe Iehova; cabhróidh siad leat dlúthchairdeas a chothú le Dia.

Lean ort ag foghlaim faoi Dhia agus déan iarracht a bheith umhal dá theagasc.

Nuair a bheidh do chreideamh neartaithe, ba cheart duit tú féin a thiomnú do Iehova agus tú a bhaisteadh.—Matha 28:19.

Éist le Dia. Léigh an Bíobla agus iarr ar Fhinnéithe Iehova cabhrú leat é a thuiscint. Ansin cuir i bhfeidhm i do shaol na rudaí atá tú a fhoghlaim. Má dhéanann tú é sin mairfidh tú go deo.—Salm 37:29.